Bua ag Ceithleann Ní Chonluain i nDúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland 2018

Tá Ceithleann Ní Chonluain, atá sa bhliain deiridh di i gColáiste na Tríonóide ag déanamh staidéir ar an bPolaitíocht, an Fhealsúnacht, an Eacnamaíocht agus an tSocheolaíocht, tar éis an bua a fháil i nDúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland 2018.

I nDúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland 2018, atá á urrú ag Lidl, cuirtear dúshláin éagsúla roimh fhoirne, a thástálann a gcumas a bheith ag obair mar fhoireann agus a scileanna teicniúla, cumarsáide agus réitithe fadhbanna. Bhí na mic léinn san iomaíocht mar bhaill d’fhoirne, ach rinne measúnóirí ó na comhlachtaí go léir a bhí páirteach moltóireacht orthu mar dhaoine aonair. Tá na dúshláin go léir deartha leis na hiarrthóirí a thástáil i leith na scileanna atá á lorg ag fostóirí.

“Nuair a fógraíodh mé mar bhuaiteoir ní hé amháin gur chuir sé iontas orm, bhain sé preab ceart asam,” a deir Ceithleann nuair a fógraíodh gurbh í a bhain as measc corradh is 50 de na mic léinn is fearr agus is éirimiúla in Éirinn. Tarraingíodh na hiomaitheoirí don lá deiridh, a bhí ar siúl i dTeach na gCuntasóirí Cairte ar Shráid na bPiarsach i mBaile Átha Cliath, as measc na ndaoine is airde scór i nDúshlán Náisiúnta na Mac Léinn ar líne. Mar phríomhbhuaiteoir rug Ceithleann léi trófaí Dhúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland agus seic €1,000.

As Baile na Manach i gContae Bhaile Átha Cliath di, d’fhreastail Ceithleann ar Choláiste Alexandra sular thug sí faoina staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tógadh í i dteaghlach dátheangach, líofa i nGaeilge agus i mBéarla araon, agus chuir sí lena cuid teangacha nuair a rinne sí staidéar ar an bhFraincis ag an dara leibhéal agus nuair a chuir sí bliain Erasmus i gcrích sa Ghearmáin. “As siocair gur as teaghlach dátheangach mé agus gur fhás mé aníos ag labhairt Gaeilge bhí mé compordach i suíomh ilteangach. Is dócha go bhféadfainn níos mó Gearmáinise a fhoghlaim, ach is rud é Erasmus a mholfainn go hard,” a deir sí.

Maidir leis an tairbhe dá CV, tá Ceithleann an-bhródúil as a bheith in ann ‘Buaiteoir Dhúshlán Náisiúnta na Mac Léinn’ a chur lena dintiúir. “Cuireann sé go mór le mo mhuinín agus, ar ndóigh, le mo CV, nó is cinnte go mbeidh sé ina ábhar cainte le fostóirí amach anseo. Maidir le mo ghairm bheatha, tá an-spéir agam i ngné na polaitíochta de mo chúrsa, mar sin is cinnte go mbeidh mé ag lorg deiseanna i gceapadh polasaí, taighde nó stocaireacht.”

Ag tréaslú a héachta le Ceithleann dó, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is ambasadóir den scoth í Ceithleann do mhac léinn ar bith atá ag machnamh ar an luach a bhaineann le teanga bhreise a choinneáil nó a fhoghlaim. Cuireann teanga bhreise scileanna breise le CV ach is féidir leis an tríú nó ceathrú teanga saol iomlán úr lán deiseanna a oscailt don té a chaitheann bliain Erasmus i dtír eile nó, mar atá feicthe againn i gcás a lán daoine a bhfuil Gaeilge acu, a oibríonn le teangacha san AE. Tá an-lúcháir orm gur bhuaigh Ceithleann, a bhfuil Gaeilge líofa aici, Dúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland i mBliain seo na Gaeilge 2018 agus níl amhras ar bith orm go rachaidh a scileanna teanga chun tairbhe di i gcónaí ina gairm bheatha amach anseo.”

Críoch

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le Do Ghairm le Gaeilge

Mar gheall ar líofacht sa Ghaeilge tá céimithe in ann gairmeacha beatha spéisiúla a fhorbairt, ní hamháin sna hearnálacha traidisiúnta, an mhúinteoireacht, an t-aistriúchán agus na meáin, ach freisin san earnáil ealaíon agus cultúir, in eagraíochtaí na hearnála poiblí, agus i ngairmeacha mar chúram sláinte, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus an mhargaíocht. 

Téigh go dtí suíomh gréasáin gradireland le cloisteáil faoi conas a chuidigh an dátheangachas le Gaeilgeoirí mar Breda Ní Mhaoláin, aistritheoir agus ateangaire, agus Micheál Ó Ciaraidh, láithreoir le TG4: http://gradireland.com/get-started-fyi/gaeilge

Maidir le Dúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Dúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland téigh go dtí: www.gradireland.com/challenge

Fiosruithe ó na meáin:

 Foras na Gaeilge 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Dúshlán Náisiúnta na Mac Léinn gradireland 2018

Ruairi Kavanagh, eagarthóir, gradireland

Teil: 00 353 1 645 1500

Ríomhphost: Ruairi.kavanagh@gradireland.com