An Ghaeilge
baile»an ghaeilge»inniu / an ghaeilge thar lear
An Ghaeilge Thar Lear | The Irish Language Abroad
Fo-chiste maoinithe na nInistitiúidí 3ú leibhéal Thar Lear
Tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú d’Institiúidí 3ú leibhéal thar lear atá nó a bheidh ag soláthar cúrsaí Gaeilge mar chuid den chlár acadúil.
Tá an scéim seo maoinithe trí fho-chiste de Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne.
Is ar na critéir seo a leanas a dhéantar measúnú ar gach iarratas:
- Stair na heagraíochta ó thaobh soláthar cúrsaí Gaeilge agus ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge go ginearálta;
- Plean Gnó na heagraíochta a léiríonn spriocanna an chláir acadúil agus sonraí na gcostas agus an bhfuil sé beartaithe méadú ar bith a bheith ann i ngníomhaíochtaí nó i gcúrsaí Gaeilge.
- Déanfar measúnú ar na hiarratais de réir an fhócais atá ar an Nua-Gaeilge sa chúrsa.
- Tabharfar tús áite do chúrsaí ina múintear an Nua-Ghaeilge seachas cúrsa nach dtugann ach eolas ar an nGaeilge.
- Comh-mhaoiniú ó fhoinsí eile
Seo a leanas Ollscoileanna atá á maoiniú faoin bhFo-Chiste Institiúidí 3ú Leibhéal Thar Lear:
Meiriceá
- Ollscoil Lehman, Nua-Eabhrac
- Ollscoil Wisconsin
- Ollscoil Fordham, Nua-Eabhrac
- Ollscoil St.Thomas, Minnesota
- Ollscoil St.Thomas, Texas
- Ireland Institute of Pittsburgh
- Glucksman, Ireland House, Nua-Eabhrac
- Daltaí na Gaeilge
An Ostair
Poblacht na Seice
Sasana
- University of Liverpool
- University of Cambridge
- St. Mary's University, Twickenham, Londain
- University of Sheffield
An Fhrainc
An Ghearmáin
- Ollscoil Mannheim
- Ollscoil Martin Luther, Halle
- Ollscoil Marburg
- Ollscoil Ruhr, Bochum
- Ollscoil Bonn
- Ollscoil Freiburg
- Scoil Teangacha Nua-Cheilteacha (SKSK)
- Volkshochschule Buxtehude
Ollainn
An Pholainn
An Iorua
Albain
An tSualainn
An Bhreatain Bheag
An Spáinn
An Astráil
An tSín
Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig: soleidhinn@pobail.ie nó bnichurraoin@pobail.ie nó téigh i dteagmháil le Rannóg Polasaí na Gaeilge, Na Forbacha, Gaillimh, Éire
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


