Eolaire
Iontráil Eolaire | Directory Entry
Colmcille
Colmcille
Agus í ar cuairt chuig Sabhal Mór Ostaig i 1997, labhair Máire Bean Mhic Róibín, Uachtarán na hÉireann ag an am, faoi “spás oileánda a chruthú dúinn féin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar na nithe sin a roineann Albain agus Éire eadrainn”.
An lá céanna a bunaíodh an eagraíocht a dtugtar Colmcille anois air, chun tacaíocht a chothú don Ghaeilge agus do Ghàidhlig na hAlban, agus chun ceangail idir Éire Ghaelach agus Albain Ghaelach a fhorbairt. Tá triúr oifigeach tionscadail lonnaithe in Albain agus i dTuaisceart Éireann.
I measc na n-imeachtaí a eagraíonn Colmcille tá:
Tionscnaimh ealaíne (drámaí, taispeántais, seónna), tionscnaimh oideachais (foghlaim oscailte, scoileanna samhraidh)
Tionscnaimh sa turasóireacht theanga – Slí Cholm Cille (slite turasóirí a fhorbairt)
Forbairt fhéilte, cláracha malartaithe agus foilseacháin.
Riarann Colmcille scéim dheontas a bhfuil sparántachtaí don bhfoghlaim Ghaeilge is Ghàidhlige mar chuid di, chomh maith le deiseanna eile maoinithe a chur ar fáil d’eagraíochtaí eile.
Ócáid bhliantúil faoin tráth seo is ea Fóram / Comhdháil Theanga Cholmcille.
Eagraítear féile trí lá d’imeachtaí ilchineálacha gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar lá fhéile Naomh Cholm Cille.
Faigheann Colmchille comh-mhaoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in Éirinn, ón DCAL (Department of Culture, Arts and Leisure) i dTuaisceart Éireann agus ón bhFeidhmeannas Albanach trí Bhòrd Na Gàidhlig.
Sonraí Teagmhála
Tuaisceart Éireann:
Maolcholaim Scott
Oifigeach Tionsncaimh (Tuaisceart Éireann Colmcille
6 - Foras na Gaeilge, Teach an Gheata Thiar,2-4 Sráid na Banríona, Béal Feirste, BT1 6ED.
Fón 0044 028 90890983
Fón Póca 0044 (0) 787 0 578 648
Ríomhphost: mscott@forasnagaeilge.ie
Alba
Màiri Mhoireach
Oifigear Phròiseact (Alba)
10 Garrabost
Eilean Leòdhais
Alba
HS2 0PN
Fòn 01851 870783
Fòn-làimhe 07786134951
Post-dealain mairi@colmcille.net
Sonraí Teagmhála:
- Seoladh: Foras na Gaeilge, Teach an Gheata Thiar,, 2-4 Sráid na Banríona, Béal Feirste, BT1 6ED.
- Tír: Éire
- Seoladh Ríomhphoist: mscott@forasnagaeilge.ie
- Suíomh Gréasáin: www.colmcille.net
- Teileafón: 0044 028 90890983
Tuilleadh Eolais:
- Ar oscailt idir: 9.30-17.30
Catagóirí:
Eagraíochtaí agus Grúpaí Gaeilge
- Cúrsaí
- Drámaíocht (Daoine Fásta)
- Drámaíocht (Daoine Óga)
- Acmhainní
- Pobal
- Cultúr agus Oidhreacht
- Imeachtaí (Daoine Fásta)
- Imeachtaí (Daoine Óga)
- Ceol agus Rince
- Caitheamh Aimsire
- Seirbhísí Rialtais
- Cumarsáid
- Idirlíon
- Ceardlanna
- Pleanáil/Taighde Teanga
- Gàidhlig
- Cúrsaí (Daoine Fásta)
- Cúrsaí (Daoine Óga)
Oideachas
- Daoine Fásta
- Cúrsaí
- Daoine Óga
Eagraíochtaí Cultúrtha Gaeilge
- Imeachtaí (Daoine Óga)
- Imeachtaí (Daoine Fásta)
- Cultúr agus Oidhreacht
- Ceol agus Rince
- Pobal
- Ceardlanna
- Drámaíocht (Daoine Óga)
- Drámaíocht (Daoine Fásta)
Rialtas
- Pleanáil/Taighde Teanga
- Pobal
Séanadh
Ní ghlacann Foras na Gaeilge freagracht ar bith maidir le hábhar na n-iontrálacha ar an Eolaire. Is faoi na grúpaí/na heagraíochtaí a chinntiú nach bhfuil botúin ina gcuid iontrálacha.
LOGÁIL ISTEACH
Iontrálacha is Coitianta
Oireachtas na Gaeilge
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchais a cheiliúradh trí mheán na Gaeilge. Trí fhéilte, chomórtais, cheardlanna agus imeachtaí eile a reáchtá...
Iontrálacha is Déanaí
Below the Radar
Tá suíomh ilmhéan www.meoneile.ie faoi lámh againn ag díriú ar an saol ó thuaidh. Bíonn ábhar laethúil in airde againn ón Luain go hAoine agus tá muid a maoiniú ag Ciste Chraoltóireachta Ghaeilge. ...