Eolaire

baile»Eolaire»Spotsolas

An Gúm faoi thrácht | An Gúm book covers featured

Logo

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta
 
Tá an Gúm go mór faoi thrácht sa leabhar nuafhoilsithe Ireland, Design and Visual Culture: Negotiating Modernity 1922-1992 in eagar ag Linda King agus ElaineSisson. Sa leabhar seo, tá caibidil fiche leathanach scríofa ag Brian Ó Conchubhair, dar teideal ‘An Gúm, The Irish Free State and the Politics of the Irish Language’. Tá cur síos tugtha ar stair an Ghúim agus tagairt déanta don tslí ar spreag dearthóireacht chruthaitheach, shamhlaíoch na leabhar pobal na tíre chun tabhairt faoi léitheoireacht i nGaeilge. Leiríonn Ó Conchubhair ról ceannródaíoch an Ghúim maidir le dearadh leabhar in Éirinn agus tugann sé a cheart don oidhreacht shaibhir dearthóireachta An Gúm ó shin i leith.
 
I measc na gclúdach a dtugtar moladh ar leith dóibh tá: Béal na Huaige (1927), aistrithe ag Leon Ó Broin agus dearthóireacht déanta ag Seán Ó Suilleabháin; agus Fiche Gearrscéal (1930), aistrithe ag Ristéard Ó Foghludha agus dearthóireacht déanta ag Ailbhe Ó Monacháin.
 
Tá foilsiú an leabhair seo (ag Cló Ollscoil Chorcaí) go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Bhí alt faoi san Irish Times ar 8 Aibreán 2011 agus tá sé an-tráthúil mar tá Baile Átha Cliath tar éis iarratas a chur isteach ar ainmniúchán mar Phríomhchathair na Dearthóireachta Domhanda 2014.
 
Ireland, Design and Visual Culture: Negotiating Modernity 1922-1992curtha in eagar ag Linda King agus Elaine Sisson (Cló Ollscoil Chorcaí, 2011)

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais