Foras na Gaeilge

baile»Foras na Gaeilge»Foirmeacha Iarratais agus Scéimeanna Maoinithe

Foirmeacha Iarratais agus Scéimeanna Maoinithe | Application Forms and Schemes

Oideachas

  • Scéim na nImeachtaí Óige
  • 1. Aidhm: Tacú le grúpaí nó le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht imeachtaí trí mheán na Gaeilge a reáchtáil don aos óg lasmuigh d’am scoile idir 1 Meán Fómhair 2013 agus 30 Meitheamh 2014. 2. Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal 3. Spriocghrúpa: i. Páistí idir 3 agus 18 bliana ii. Lucht eagraithe na gcampaí – múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha 4. Stádas: Dúnta
  • GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais)
  • 1. Aidhm: i. Aitheantas a thabhairt do shárchleachtas maidir le cur chun cinn na Gaeilge labhartha i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc ii. An sárchleachtas sin a scaipeadh ar mhaithe le daltaí agus múinteoirí ar fud an oileáin. 2. Tacaíocht ar fáil: Gradam aitheantais de €3,000 / £2,000 do dhá bhunscoil agus iarbhunscoil amháin i ngach ceann de shé réigiún. 3. Spriocghrúpa: i. Daltaí atá ag foghlaim na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc ii. Lucht teagaisc sna scoileanna sin 4. Dúnta
  • Bunmhaoiniú
  • Soláthar agus riaradh deontais bhliantúla do phríomheagrais Ghaeilge a fhreastalaíonn ar chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Earnáil Oideachais ar bhonn náisiúnta. San áireamh, tá: FNT, Gaelscoileanna Teo, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Altram, an tÁisaonad, Gael-linn, Comhluadar, Cumann na bhFiann
  • Scéim na gCampaí Samhraidh
  • Aidhm: 1. Tacú le grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht campaí samhraidh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge idir 1 Iúil 2013 agus 30 Lúnasa 2013. 2. Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal 3. Spriocghrúpa: i. Páistí idir 3 agus 18 bliana ii. Lucht eagraithe na gcampaí – múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha 4. Stádas: Dúnta

Pobal agus Gnó

  • An Ghaeilge sa Phobal
  • 1. Aidhm:Tacú le grúpaí pobail imeachtaí a reáchtáil leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn logánta. 2. Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 ar fáil do choistí pobail leis an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid ar bhonn logánta. 3. Spriocghrúpa: Coistí pobail. 4. Spriocdáta - Dúnta
  • Maoiniú i gcomhair Comharthaíocht Ghnó Nua nó Athchurtha
  • Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí tríd an bpost chuig: Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill. Oscailte go dtí 28 Meitheamh 2013.
  • Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge
  • Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí tríd an bpost chuig: Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill. Oscailte go dtí 28ú Meitheamh 2013.
  • Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013
  • 1. Aidhm: Tacú le Coistí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht oifigeach lánaimseartha a fhostú le clár gníomhaíochtaí Gaeilge a chur i gcrích laistigh de sprioc-cheantar reamhaitheanta an choiste féin. 2. Tacaíocht ar fáil: Deontas fostaíochta agus Imeachtaí ar feadh trí bliana. 3. Spriocghrúpa: Coistí pobail Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. 4. Stádas: Dúnta

An Earnáil Phoiblí agus na hEalaíona

  • Scéim na nOifigeach Gaeilge 2013-2016
  • 1. Aidhm: An Ghaeilge a chur chun cinn san Earnáil Phoiblí. 2. Tacaíocht ar fáil: Tá Foras na Gaeilge ag déanamh cómhaoiniú ar thuarastal na nOifigeach Gaeilge go ceann trí bliana, i gcomhar leis na Comhairlí Áitiúla ó thuaidh. 3. Spriocghrúpa: Comhairlí Áitiúla, ó Thuaidh. 4. Stádas: Oscailte
  • Scéim na gComplachtaí Drámaíochta 2013
  • 1. Aidhm : Díríonn an scéim seo ar Chomplachtaí Drámaíochta Gaeilge a bhfuil mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. 2: Stádas: Dúnta
  • Scéim na bhFéilte 2013
  • 1. Aidhm: Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasach agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den bhféile, agus ardán a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon. 2. Stádas: Dúnta
  • Scéim Cholmcille
  • Scéim deontas Cholmcille & scéim sparánachtaí le haghaidh Gaeilgeoirí atá ag iarraidh Gaeilge na hAlban a fhoghlaim.

Cumarsáid agus Margaíocht

  • Scéim Iris Ar Líne
  • 1. Aidhm: Tacú le soláthar iris Ghaeilge ar líne. 2. Tacaíocht ar fáil: Deontas i gcabhair ar feadh trí bliana. 3. Spriocghrúpa: iarrthóirí a bhfuil taithí acu agus cumas acu soláthar den ardchaighdeán a chur ar fáil. 4. Dúnta
  • Scéim Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge
  • 1. Aidhm: Tacú le soláthar nuachtán seachtainiúil Gaeilge. 2. Tacaíocht ar fáil: Deontas i gcabhair ar feadh ceithre bliana. 3.Spriocghrúpa: Iarrthóirí a bhfuil taithí acu agus cumas acu soláthar den ardchaighdeán a chur ar fáil. 4. Dúnta
  • Scéim Iris Ghaeilge Chlóite
  • Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhreamanna ar spéis leo iris mhíosúil Ghaeilge uile-oileánda a fhoilsiú i gcomhair thréimhse Eanáir 2012-Nollaig 2014 le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Dúnta

Scéimeanna Chlár na Leabhar Gaeilge

  • Scéim na nOidí
  • 1.Aidhm: Deis a thabhairt do scríbhneoirí í dtús a ré scríbhneoireacht Gaeilge comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí Gaeilge aitheanta (oidí) 2. Tacaíocht ar fáil: Táille €2,500 don oide agus táille €1,000 don phrintíseach. Costas nach mó ná €350 ar fáil don oide. 3. Spriocghrúpa: Scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta Gaeilge agus scríbhneoirí Gaeilge aitheanta a bhfuil suim acu a bheith ina n-oidí faoin scéim. 4. Tá Scéim na nOidí 2013 fógartha anois
  • Tionscadail Litríochta
  • 1. Aidhm: Chun litríocht na Gaeilge a bhuanú, a chothú agus a chur chun cinn. 2.Tacaíocht ar fáil: Íocfar deontas bunaithe ar phlean cuimsitheach. 3.Spriocghrúpa: Grúpaí/Eagraíochtaí ar mian leo tionscadail litríochta Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn 4. Dúnta
  • Scéim na Foilsitheoireachta 2012
  • 1.Aidhm: Cúnamh a thabhairt d’fhoilsitheoirí leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil sna réimsí táirgeachta, margaíochta agus forbartha. 2. Tacaíocht ar fáil: Íoctar deontais faoin scéim seo bunaithe ar phlean foilsitheoireachta cuimsitheach bliantúil. 3. Spriocghrúpa: Foilsitheoirí na Gaeilge. 4. Spriocdháta: Dúnta

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais