Foras na Gaeilge

baile»Foras na Gaeilge»Foirmeacha Iarratais agus Scéimeanna Maoinithe» Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge

Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge | Funding for Bilingual/Irish Language Materials

Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí tríd an bpost chuig:
Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill

Scéim um Ábhair Dhátheangacha / Ghaeilge – Treoir Thapa

Í a chur in oiriúint do do ghnó:

  • Áirítear ábhair nua agus ábhair in ionad seanábhar.
  • Áirítear ábhair a bhaineann le hAitheantas Corparáideach (lógónna, brandáil ghinearálta, cinn litreach, scripteanna ríomhphoist, cártaí gnó, meabhráin, admhálacha, sonraisc, fógraí acmhainní daonna, foilseacháin, bileoga cumhdaigh i.e. facs agus ríomhphost, etc.); Suíomhanna Gréasáin, Pacáistíocht (ainmníocht táirgí, lipéadú, dearadh, etc.); Comharthaíocht Inmheánach (comharthaí sláinte agus slándála, uath-thaispeáintí ar an láthair, taispeáintí scipéad airgid, etc.); Ábhair Fógraíochta (seastáin taispeántais, bróisiúir, póstaeir, paimfléid, bileoga, srl).
  • Ní gá ainm branda an ghnólachta a aistriú. Is é aidhm an chúnaimh seo branda do sheirbhíse / do tháirge reatha a fheabhsú tríd an nGaeilge a úsáid go comhlántach.
  • Go hiondúil ar ábhair dhátheangacha beidh an Béarla agus an Ghaeilge le hais a chéile ar an ábhar céanna, nó, mar mhalairt, beidh an Béarla ar thaobh amháin agus an Ghaeilge ar an taobh eile de dhoiciméad. Is é seo an cleachtas is fearr, tá sé níos costéifeachtaí, agus ní theastaíonn ina chomhair aon dúbláil neamhriachtanach ar dhoiciméid oibriúcháin.
  • Ba chóir d'iarratasóirí a chinntiú go léirítear gach téacs go dátheangach ar bhonn cothrom.

Cliceáil anseo chun foirm a fháil

Scéim 2013 - Oscailte go dtí 28 Meitheamh 2013

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais