An Nuacht is Déanaí
baile»An Nuacht is Déanaí
Deireadh leis an tSamhail Nua | New Funding Model withdrawn
04/07/2012
Ag cruinniú i nGaoth Dobhair ar an 29 Meitheamh 2012, cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge €6.7 milliún do na heagraíochtaí bunmhaoinithe don tréimhse go dtí Meitheamh 2013. Cinneadh chomh maith nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta cheana. Aithníonn an Bord an riachtanas a bhaineann le hathstruchtúrú na hearnála de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas.
Beidh Foras na Gaeilge ag breathnú anois ar mhúnlaí eile agus cuirfear tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh chomh maith le moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin, cuirfidh Foras na Gaeilge san áireamh na moltaí agus na tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin.
Cuirfear san áireamh forbairtí reatha i gcur chun cinn na Gaeilge, Thuaidh agus Theas, ar nós na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, an Bhille Gaeltachta agus Líofa 2015. Beidh Foras na Gaeilge ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna beaga romhainn lena dheimhniú go mbainfear torthaí fónta amach roimh dheireadh na tréimhse bunmhaoinithe a ceadaíodh inniu.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir teagmháil a dhéanamh le:
Ferdie Mac an Fhailigh Príomhfheidhmeannach
fmacanfhailigh@forasnagaeilge.ie
Seán Ó Coinn
Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais
socoinn@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


