An Nuacht is Déanaí
baile»An Nuacht is Déanaí
Comhairleoir de dhíth | Consultant Needed
13/07/2012
Ag eascairt ó chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) de 02 Nollaig 2009 is mian le Foras na Gaeilge Sainchomhairleoir a cheapadh leis an obair a leanas a chur i gcrích:
Cás gnó cuimsitheach de réir theimpléid na RCEF agus REOG, ar an bhealach chun cinn a dhréachtú a chuimseoidh na nithe a leanas:
1. An gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go dtí córas nua, a chuimseoidh an comhthéacs straitéiseach seachtrach agus inmheánach,
2. Liosta de roghanna féideartha,
3. Anailís a dhéanamh ar na roghanna uile a chuimseoidh
- na rioscaí,
- na costais, idir chostais reatha, chostais dhíreacha agus chostais indíreacha
- na buntáistí agus na míbhuntáistí neamhairgeadúla,
- éifeachtúlacht gach rogha
4. Na haidhmeanna atá leis an athrú,
5. An rogha is fearr a aithint agus a mholadh.
Déanfar an conradh a aontú sa chéad dul síos i gcomhair thréimhse 6 mhí. Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach d’Fhoras na Gaeilge agus ag tuairisciú don Phríomhfheidhmeannach.
Fáilteofar roimh thairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil na scileanna a leanas acu:
- Taithí agus tuiscint ar chásanna gnó ar ardchaighdeán a thiomsú, eolas cuimsitheach agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun cinn na Gaeilge,
- Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa,
- Tuiscint ar staid na teanga Thuaidh/Theas, agus,
- Taithí ar thuairiscí, idir thuairiscí eatramhacha agus tuairiscí críochnúla deiridh a scríobh.
Dícháileofar aon iarrthóir a bhfuil coimhlint leasa aici/aige.
Is é 27 Iúil 2012 an spriocdháta le haghaidh tairiscintí.
Ní mór don iarrthóir rathúil bheith in ann tabhairt faoin obair láithreach. Is í an Ghaeilge teanga oibre Fhoras na Gaeilge agus tá sé inmhianaithe go mbeidh an t-iarrthóir (nó gníomhairí dá c(h)uid) líofa sa Ghaeilge agus ábalta an obair a dhéanamh trí Ghaeilge.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


