Foras na Gaeilge

baile»Foras na Gaeilge»Preasráitis»Leathnaíonn an tAire Oideachais an Ghaeilge chuig lucht léitheoireachta ilchultúrtha

Preasráitis | Press Releases

Leathnaíonn an tAire Oideachais an Ghaeilge chuig lucht léitheoireachta ilchultúrtha

Dé Céadaoin 29 Márta 2006: Sheol an tAire Oideachais Mary Hanafin T.D. dhá leathanach nua Gaeilge i Metro Eireann, céad fhoilseachán ilchultúrtha na hÉireann, ag ceannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2.

Bhí Metro Eireann, atá ar an bhfód ó 2000, tiomanta ar feadh tamaill do rannán Gaeilge a chur sa nuachtán, agus ba chúis áthais dóibh fáilte a chur roimh an Aire Oideachais leis an mórócáid seo i stair an nuachtán a cheiliúradh. Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt an tAire Mary Hanafin T.D. ‘Trí rannán Gaeilge a fhoilsiú, tá Metro Eireann ag cuidiú leis na hÉireannaigh nua teacht ar ghné lárnach den chultúr Gaelach. Cabhróidh an rannán feasacht ar an nGaeilge a chur chun cinn i measc léitheoirí an pháipéir, agus díreoidh sé, ach go háirithe, ar riachtanais fhoghlaimeoirí na teanga. Is í an Ghaeilge an ghné is sainiúla den chultúr Gaelach agus cabhraíonn taithí agus tuiscint ar ghnéithe den chultúr - beannachtaí, amhráin, scéalta, rincí, cluichí agus logainmneacha - le foghlaimeoirí teagmháil níos dlúithe a dhéanamh leis an gcultúr sin.’

Díreoidh inneachar eagarfhocal na leathanach Gaeilge ar an teanga a mhúineadh do léitheoirí. Ón tús, d’aithin Chinedu Onyejelem, eagarthóir an fhoilseacháin, an suim láidir sa Ghaeilge a bhí i measc a léitheoirí, agus fáiltíonn sé roimh an deis, mar sin, an chéad rannán Gaeilge a fhoilsiú sa chéad eagrán eile – ar fáil ar an 5 Aibreán 2006.

Ag labhairt dó ag an ócáid, mhínigh Chinedu Onyejelem, ‘Bhí sé ar intinn againn i gcónaí go mbeadh rannán Gaeilge sa nuachtán toisc go bhfuil suim láidir sa teanga i measc ár gcuid léitheoirí. Go dtí seo, áfach, ní raibh sé seo indéanta. Ach le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ioncam sa bhreis is féidir linn anois dhá leathanach Gaeilge a fhoilsiú i ngach eagrán.’

Bhí baint ag Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorainn atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn, leis an tionscnamh seo ón tús, agus ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha, Foras na Gaeilge, ‘Is comhartha dearfach é an spéis shuntasach a chuireann daoine a thagann chun cónaí sa tír seo sa Ghaeilge. Tá an Foras tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge i measc gach duine a chónaíonn ar oileán na hÉireann agus a chónaíonn thar lear. Is cúis áthais don Fhoras a bheith bainteach leis an tionscnamh nuálach seo agus guímid gach rath air amach anseo.’ 

Dúirt an tSr. Breege Keenan, urlabhraí an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais, “Is tráthúil an rud é an rannán Gaeilge a chur sa nuachtán: Díreoidh sé ar an spéis dháiríre atá ag ár bpobail nua sa teanga. Meabhraíonn sé dúinn, i sochaí atá ag éirí níos éagsúla, go bhfuil áit i gcónaí don Ghaeilge mar chuid thábhachtach de chultúr na hÉireann.”

Tá Metro Eireann, foilseachán míosúil le figiúirí ciorclaíochta de 15,000, tiomanta do na caighdeáin eolais is airde a oireann dá leitheoirí a sholáthar. Oibreoidh Tá Metro Eireann ag súil le dréachtaí ó bhaill den phobal a bhfuil cur amach acu ar an nGaeilge scríofa. Tá Metro Eireann ar fáil i siopaí mionlaigh eithneacha ar fud na tíre, ó eagraíochtaí faoi threoir eisimirceach, ar shíntiús agus ag roinnt siopaí éagsúla.

Anuas air seo, tá Metro Eireann ag ullmhú faoi láthair don chúigiú searmanas dámhachtainí bliantúil, Metro Eireann Media and Multicultural Awards, (MAMA) 2006, a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine 2006. Tá na dámhachtainí á dtacú ag an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais, The Irish Times, Reception and Integration Agency agus ag Language. Aithníonn agus ceiliúrann Dámhachtainí MAMA móriarrachtaí daoine aonair agus grúpaí le tuiscint agus comhoibríocht thraschultúrtha a chruthú in Éirinn. Chomh maith leis sin, aithníonn agus ceiliúrann na Dámhachtainí éagsúlacht chultúrtha in Éirinn. Is é 31 Márta 2006 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Críoch.

Le haghaidh tuilleadh ceisteanna meán déan teagmháil le:

Chinedu Onyejelem, Eagarthóir, Metro Eireann; Fón Póca: 086 852 33 97, Fón: 01 8690670

Breandán MacCraith, Foras na Gaeilge; Fón Póca: 0872354834, Fón: 01 6398400

 

 

 

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais