Foras na Gaeilge
baile»Foras na Gaeilge»Preasráitis»Tugann an Foras spreagadh do ghalfairí a bheith ‘Níos Fearr ná Par’ tríd an nGaeilge a shuí ar an bp
Preasráitis | Press Releases
Tugann an Foras spreagadh do ghalfairí a bheith ‘Níos Fearr ná Par’ tríd an nGaeilge a shuí ar an bp
Déardaoin 13 Iúil 2006: Sheol Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, ‘Galf le Gaeilge’ inniu, lipéad dátheangach mála gailf ar a bhfuil gluais Ghaeilge/Bhéarla de théarmaí gailf. Mar cheiliúradh ar theacht Chorn Ryder 2006 go hÉirinn, tá an deis á soláthar ag Foras na Gaeilge do gach galfaire a c(h)uid Gaeilge a shuí ar chúrsaí gailf ar fud na tíre. 54 téarma gailf i nGaeilge agus i mBéarla atá ar ghach lipéad mála, a ligeann don ghalfaire fanacht ar an ‘garbhlach’ agus cloí leis an ‘mínleach’ an samhradh seo.
Ag comórtas gailf bliantúil Oireachtas na Gaeilge ag Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe a sheol Foras na Gaeilge na lipéid dhátheangacha mála ‘Galf le Gaeilge’. Mícheál Ó Muircheartaigh, an craoltóir agus iriseoir dátheangach mór le rá a sheol na lipéid mála gailf thar ceann Fhoras na Gaeilge. Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Mícheál ‘Is iontach an tslí iad na lipéid ghailf le galfairí a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar an gcúrsa gailf tríd an “cúpla focal” a theastaíonn leis an gcúrsa a chríochnú a thabhairt dóibh. Ó bheith ag taisteal ar fud na tíre, agus ó mo thaithí féin ag imirt gailf as Gaeilge, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil pobal gailf na hÉireann an-toilteanach don Ghaeilge – go háirithe na galfairí úd a théann thar lear agus a theagmhaíonn le teangacha eile ar an gcúrsa gailf. Is ábhar bróid dóibh gur féidir leo imirt tríd a dteanga dúchais féin.’
Seachain na ‘bógaithe’ an samhradh seo agus téigh ar thóir ‘iolar’ le lipéid mála Fhoras na Gaeilge ‘Galf le Gaeilge’, atá saor in aisce do ghalfairí ar fud na hÉireann agus thar lear. Iarrann an Foras ar ghalfairí teagmháil a dhéanamh leo ar 01 6398404 nó tríd an ríomhphost ag aseoighe@forasnagaeilge.ie. Beidh na lipéid mála á n-eisiúnt saor leis an gcéad eagrán eile de Golf Ireland.
Nóta don eagarthóir:
Maidir le Foras na Gaeilge
Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, ar an dara lá de mhí na Nollag 1999.
Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúradh go mbunófaí comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bheadh freagrach as an nGaeilge agus an Albainis Uladh a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta seo, déanann Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann, agus i dTuaisceart Éireann sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, Thuaidh agus Theas, ar chomhlachtaí poiblí agus ar ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge. Ina theannta sin, cuireann siad tionscadail tacaíochta ar bun agus tugann siad cúnamh deontais do chomhlachtaí agus do ghrúpaí ar fud oileán na hÉireann.
Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil ar: www.gaeilge.ie:
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Breandán Mac Craith, Foras na Gaeilge Fón: 087 2354834 / +353 1 639 8400
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA
Priontáil


