Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Comhdháil Faoin Léitheoireacht | Conference About Readership

04/09/2012

Comhdháil faoin Léitheoireacht á heagrú ag Foras na Gaeilge

Tá comhdháil faoi léitheoireacht leabhar á heagrú ag Foras na Gaeilge in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar an 21-22 Meán Fómhair 2012. Is é is cuspóir don chomhdháil ná teacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a phléifear ag an gcomhdháil beidh staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar.

Chun clárú ar líne www.gaeilge.ie/register/irish.asp


Tuilleadh eolais ó eagraí na comhdhála, Róisín Ní Mhianáin (comhdhail2012@gmail.com nó 086-4164021) nó ó oifig Chlár na Leabhar Gaeilge i Ráth Chairn, Co. na Mí (leabhar@forasnagaeilge.ie nó 046-9430419).

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais