Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Comhairleoir de dhíth | Consultant Needed

30/07/2012

Ag eascairt ó chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) de 02 Nollaig 2009 is mian le Foras na Gaeilge Sainchomhairleoir a cheapadh leis an obair a leanas a chur i gcrích:

Cás gnó cuimsitheach de réir theimpléid na RCEF agus REOG, ar an bhealach chun cinn a dhréachtú a chuimseoidh na nithe a leanas:

1. An gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go dtí córas nua, a chuimseoidh an comhthéacs straitéiseach seachtrach agus inmheánach,

2. Liosta de roghanna féideartha,

3. Anailís a dhéanamh ar na roghanna uile a chuimseoidh
- na rioscaí,
- na costais, idir chostais reatha, chostais dhíreacha agus chostais indíreacha
- na buntáistí agus na míbhuntáistí neamhairgeadúla,
- éifeachtúlacht gach rogha

4. Na haidhmeanna atá leis an athrú,

5. An rogha is fearr a aithint agus a mholadh.

Déanfar an conradh a aontú sa chéad dul síos i gcomhair thréimhse 6 mhí. Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach d’Fhoras na Gaeilge agus ag tuairisciú don Phríomhfheidhmeannach.

Fáilteofar roimh thairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil na scileanna a leanas acu:

Taithí agus tuiscint ar chásanna gnó ar ardchaighdeán a thiomsú, eolas cuimsitheach agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun cinn na Gaeilge,
Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa,
Tuiscint ar staid na teanga Thuaidh/Theas, agus,
Taithí ar thuairiscí, idir thuairiscí eatramhacha agus tuairiscí críochnúla deiridh a scríobh.
Dícháileofar aon iarrthóir a bhfuil coimhlint leasa aici/aige.

Is é 27 Iúil 2012 an spriocdháta le haghaidh tairiscintí.

Ní mór don iarrthóir rathúil bheith in ann tabhairt faoin obair láithreach. Is í an Ghaeilge teanga oibre Fhoras na Gaeilge agus tá sé inmhianaithe go mbeidh an t-iarrthóir (nó gníomhairí dá c(h)uid) líofa sa Ghaeilge agus ábalta an obair a dhéanamh trí Ghaeilge.

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais