Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»an earnáil phoiblí agus na healaíona
An Earnáil Phoiblí agus na hEalaíona | The Public Sector and the Arts
Misean
Úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí a bhuanú agus a fhorbairt.
Idé-eolaíocht, cultúr agus saíocht na Gaeilge agus na n-ealaíon Gaeilge a fhorbairt, a chothú agus a chaomhnú.
Ról
Comhairle, tacaíocht agus scéimeanna oiliúna a chur ar fáil agus a fhorbairt don earnáil phoiblí, faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúila 2003 ó dheas agus an Chairt Eorpach do theangacha Réigiúnda nó mionlaigh ó thuaidh.
Na healaíona Gaeilge, na healaíona traidisiúnta, cultúr agus saíocht na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn oileánda agus ar bhonn idirnáisiúnta trí pholasaithe maoinithe a cheapadh agus a fheidhmiú a thabharfaidh san áireamh earnáil na n-ealaíon, féilte, comhdhálacha, siompóisiamaí, ceardlanna oiliúna, foilseacháin, scannáin agus dlúthdhioscaí.
Earnáil an aistriúcháin a fhorbairt trí scéimeanna aistriúcháin a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, trí shuíomh gréasáin d'aistritheoirí a mhaoiniú agus trí cheardlanna oiliúna d'aistritheoirí a reáchtáil ar bhonn oileánda.
Freagrachtaí
- Institiúidí, eagrais, complachtaí, fáiltithe, ócáidí, ealaíontóirí a mhaoiniú, a chomhairliú agus a fhorbairt.
- Oiliúint a chur ar fáil agus/nó a mhaoiniú. Cuireann an rannóg raon leathan de cheardlanna agu deiseanna oiliúna ar fáil d’Earnáil an Aistriúcháin agus don earnáil phoiblí ar bhonn leanúnach. Maoiníonn an rannóg ceardlanna agus deiseanna oiliúna atá á gcur ar fáil ag eagrais eile atá dírithe ar na hEalaíona Gaeilge agus na hEalaíona trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.
- Urraíocht a dhéanamh ar thionscadail i réimse na n-ealaíon agus/nó na hoidhreachta
- Eolas, comhairle, saineolas a chur ar fáil de réir mar is cuí san Earnáil Phoiblí agus na hEalaíona
- Mórócáidí a eagrú.
- Eolas, comhairle, saineolas a chur ar fáil in Earnáil an Aistriúcháin
- Scrúduithe de chuid an Chórais Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a reáchtáil agus a stiúradh.
- Buiséad na rannóige a riar chomh héifeachtach agus chomh cothrom agus is féidir.
Tionscadail, Scéimeanna agus Réimsí Oibre
An Earnáil Phoiblí
Leanann Rannóg na hEarnála Poiblí den obair cheannródaíoch agus dhúshlánach, ag
forbairt tionscnamh nua chun tacú leis an earnáil phoiblí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Coiste Téarmaíochta, Rannóg an Aistriúcháin, An Gúm, Fónamh, Aistear.ie. I measc na dtionscnamh tá forbairt ar an gCóras Creidiúnaithe d’Aistritheoirí (cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais), forbairt acmhainní agus áiseanna ar nós liostaí comharthaíochta, (atá ar fáil anois ar láithreán gréasáin an Fhorais, Gaeilge.ie), leabhrán le haghaidh ábhar aistritheoirí-comhairle agus cleachtais, ceardlanna aistriúcháin agus eagarthóireachta 'Ó Bhéarla go Gaeilge’ i gcomhar le Aistear, téacsanna dátheangacha agus dearadh dátheangach le haghaidh foirmeacha caighdeánach agus cáipéisí eile, lámhleabhar treorach maidir leis na céimeanna is gá a ghlacadh chun seirbhís dhátheangach a sholáthar agus ar an oiliúint is gá chuige sin, líne chabhrach don earnáil phoiblí agus cúrsa ar líne d’aistritheoirí.
-
Gaelchultúr
Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr Teoranta in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i gceantar Bhaile Átha
Cliath. Tá sé mar aidhm fhadtéarmach ag Gaelchultúr a ionad féin a bheith aige chun tuilleadh imeachtaí a chur ar fáil do phobal na cathrach agus comhthéacs bríomhar don Ghaeilge a chruthú.
Cuirtear clár imeachtaí ar bun idir mí Eanáir agus mí na Nollag ; bíonn ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ag ceithre leibhéal (Meánrang 1, Meánrang 2, Ardrang agus Cruinneas sa Ghaeilge), agus ag sé leibhéal (Bunrang 1 agus Bunrang 2 san áireamh) le linn an tsamhraidh agus idir mí Mheán Fómhair agus Mí na Samhna.Chomh maith leis na ranganna, cuirtear ar siúl ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós agus rince ar an sean-nós, ceardlanna scoile, club scannán, club leabhar, ciorcal comhrá, grúpa léitheoireachta, rang i nGàidhlig na hAlban agus ceolchoirmeacha. www.gaelchultur.com
-
Ranganna Teoranta
Tá cúrsa cruinnis ar líne á fhorbairt ag Ranganna Teoranta dírithe go príomha ar fhostaithe na hEarnála Poiblí. Is iad na spriocanna ná: cúrsaí gramadaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar líne agus úsáid a bhaint as an teicneolaíócht nuálach atá ar fáil chun a chinntiú go mbeidh na cúrsaí éifeachtach agus proifisiúnta.
Tá gramadóir Ceart a oibreoidh ar ríomhairí Windows á fhorbairt ag Cruinneog. Is pacáiste bogearraí cumhachtach é Ceart a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú na Gaeilge a cheartú ar ríomhairí.Tá seiceáil chuimsitheach ghramadaí lárnach sa phacáiste - ar shéimhiú nó ar urú ag tús ainmfhocail, mar shampla. www.cruineog.com/ceart
-
Logainmneacha
Tionscadail a bhaineann le logainmneacha nó stair áitiúil.
Chuaigh Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Banríona,
Béal Feirste, i mbun scéime, urraithe ag Foras na Gaeilge, le leaganacha Gaeilge a sholáthar do logainmneacha agus do sheoltaí poist ó thuaidh san Fhómhair 2005.
Mar gheall ar an togra seo, tá lucht labhartha na Gaeilge, agus duine ar bith atá á iarraidh, ábalta an leagan Gaeilge de na seoltaí poist a úsáide agus a bheith cinnte go bhfuil siad ag baint úsáide as leagan beacht.
Chomh maith leis sin, tá eagraíochtaí stáit, agus an Royal Mail go háirithe, ábalta plé le comhfhreagras as Gaeilge ar dhóigh i bhfad níos éifeachtaí ná mar a bhí siad ábalta go dtí seo.
Cuirtear an-chuid eolas ar fáil anseo ar logainmneacha Gaeilge agus ar shloinntí Gaelacha mar thoradh ar an shaothar seo. Tá bunús Gaeilge leis an chuid is mó de na logainmneacha i dTuaisceart Éireann agus is oidhreacht choiteann iad ár logainmneacha.
Tuilleadh eolais ar fáil ar: www.ulsterplacenames.org/tográ_sráidainmneacha.htm
-
Scéim na nOifigeach Gaeilge
I rith 2006, d’fhógair Foras na Gaeilge Scéim na nOifigeach Forbartha Gaeilge do Thuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil phoiblí.
Tá Foras na Gaeilge ag déanamh cómhaoiniú ar thuarastal na nOifigeach Gaeilge go ceann trí bliana i gcomhar leis na Comhairlí Áitiúla, ó thuaidh.
Léirigh na Comhairlí an-suim sa scéim agus ar na Comhairlí ar éirigh leo cómhaoiniú a bhaint amach bhí :
Comhairle Chathair Dhoire
Comhairle Cheantar Mhachaire Fíolta & Comhairle Bhuirg Léim an Mhadaidh
Comhairle Dhún Geanainn Thír Eoghain Theas agus Comhairle Cheantar na Coirre CríochaíIs ina thús atá an scéim seo agus beifear ag cur leis de réir a chéile.
Má tá spéis ag aon Chomhairle breis eolais a fháil ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 Teileafón (01) 6398400
Réimsí Oibre - na hEalaíona
Díríonn An Foras ar na hEalaíona Gaeilge agus na hEalaíona trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn trí mhaoiniú a chur ar fáil do thograí i réimse na drámaíochta, na litríochta, na hamhránaíochta, na siamsaíochta agus eile.
Tugann An Foras tacaíocht do cheardlanna, do scríbhneoirí, d’ealaíontóirí cónaithe agus aisteoirí Gaeilge agus d’oiliúint scríbhneoirí óga.
An Fhoireann
Deirdre Davitt - Clárbhainisteoir
Eilís Ní Bheilbigh
Orlagh Ní Raghallaigh
Damhnait Ní Thuama
Gearóid Mag Uibhrín
Sonraí Teagmhála
Oifig Átha Cliath:
Teil: +353 1 639 8400
Facs: +353 1 639 8401
Oifig Bhéal Feirste:
Teil: +44 28 90890970
Facs: +44 28 90890972
Oifig Ghaoth Dobhair:
Teil: +35374 9560113 / 9560114
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA
.jpg)


Béal Feirste, i mbun scéime, urraithe ag Foras na Gaeilge, le leaganacha Gaeilge a sholáthar do logainmneacha agus do sheoltaí poist ó thuaidh san Fhómhair 2005.
.jpg)


