Foras na Gaeilge

baile»foras na gaeilge»seirbhísí corparáideacha

Seirbhísí Corparáideacha | Corporate Services

 

 

Misean

"A chinntiú go n-eagrófar an eagraíocht ar bhealach éifeachtach réidh". 

Ról

Is í an rannóg seo atá i gceannas ar an bpróiseas maidir le pleanáil chorparáideach an Fhorais. I measc na bhfreagrachtaí atá ar an rannóg tá pleananna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a ullmhú chomh maith le tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil. Tá an rannóg i gceannas ar chúrsaí taighde an Fhorais freisin. Chomh maith leis seo, is é ról na rannóige seo ná seirbhísí riaracháin agus tacaíochta a chur ar fáil taobh istigh d’Fhoras na Gaeilge chomh maith le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar phróisis airgeadais, acmhainní daonna agus T.F.

 

Freagrachtaí

  • Feidhm éifeachtach pleanála corparáide a fhorbairt taobh istigh d'Fhoras na  Gaeilge lena n-áirítear pleananna aonad gnó, cláir oibre, buiséid agus tuarascálacha bliantúla, chomh maith le pleananna corparáideacha.
  • Forbairt a dhéanamh ar tháscairí oiriúnacha feidhmithe le tacú leis an bpróiseas pleanála.
  • An clár taighde a stiúradh agus a eagrú.
  • Bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais Fhoras na Gaeilge ar bhealach atá seasmhach leis an Meamram Airgeadais, rud a chiallóidh go mbeidh tacaíocht iomlán á tabhairt d’imeachtaí na rannóg eile.
  • Seirbhís éifeachtach acmhainní daonna a chur ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann Fhoras na Gaeilge a chlúdaíonn réimsí eagsúil ar nós earcaíochta, traenála agus fhorbairt na foirne.
  • A chinntiú go bhfuil forbairt, treisiú agus cothabháil reatha á ndéanamh ar na córais T.F. chuí i bhForas na Gaeilge.

 

Is féidir leat teacht ar Foirm Íocaíocht Phras ag Comhlachtaí na hEarnála Poiblí Anseo

 

An Fhoireann

Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha

Mícheál Ó Ríordáin    

An Rannóg Airgeadais, Acmhainní Daonna, Teicneolaíocht na Fáisnéise

Mairéad Ní Chéadagáin  (Clárbhainisteoir)

Aisling Nic Craith

Cris Ní Chualáin     

Máire Ní Laoire       

Colm Ó hArgáin 

Caitríona Howard

Fiach Uíbh Eachach 

Niamh Ní Thuama                                                                                                                                             
Clár Ní Choillte

An Rannóg Pleanála Corparáidí

Seán Ó Cearnaigh

Sadhbh Ní Ógáin    

ÁIS

Féach faoi mhír ar leith i roghchlár Fhoras na Gaeilge.

Réimsí Oibre

Pleanáil Chorparáideach
Airgeadas
Acmhainní Daonna
Teicneolaíocht na Faisnéise
ÁIS (áisíneacht dáiliúchán leabhar)

 

Sonraí Teagmhála 

Oifig Átha Cliath:   

Teil: +353 1 639 8400  

Facs: +353 1 639 8401                 

Oifig Bhéal Feirste:  

Teil:   +44 28 90890970

Facs: +44 28 90890972
 

Oifig Ghaoth Dobhair:

Teil:  +35374 9560113 / 9560114

corparaideach@forasnagaeilge.ie 

CALAOIS

SCEITHEIREACHT
   
Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise

Cód Iompair do Bhaill an Bhoird (Gaeilge)

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais