Croidhe Cainnte Ciarraighe

Seán Óg Ó Caomhánaigh

Is fada caint ar an saothar mór foclóireachta a rinne Seán Óg Ó Caomhánaigh, Seán a’ Chóta, i dtriochaidí agus i ndaichidí na haoise seo caite, saothar ar chuir sé an teideal Croidhe Cainnte Ciarraighe air, saothar nár foilsíodh riamh. Tá obair mhór thaighde agus eagarthóireachta ar bun le roinnt blianta anuas ar an saothar sin leis an Dr Tracey Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Mhá Nuad.

Tá lámhscríbhinn an tsaothair gafa go leictreonach aici agus an téacs á chur in eagar i gcónaí. Saothar ollmhór atá ann, os cionn 4,000 leathanach, agus mar gheall ar an oiread sin suime a bheith léirithe ag daoine ann tá an Dr Ní Mhaonaigh á chur ar fáil dúinn chun gur féidir le daoine teacht air agus an saibhreas iontach Gaeilge ann a bhlaiseadh. Tá téacs an tsaothair, mar a sheasann faoi láthair, le fáil thíos i bhfoirm pdf cosanta. Ina theannta sin tá nóta mínithe leis an Dr Ní Mhaonaigh faoin saothar.