Aonach na nEalaíon á reáchtáil ag An tOireachtas i gCo. Dhoire

Déardaoin an 12 Deireadh Fómhair tiocfaidh lucht na Gaeilge agus lucht na n-ealaíon le chéile in An Carn, Carn Tóchair, i gCo. Dhoire le deiseanna leis na healaíona trí Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh a phlé. Tá Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil na hócáide seo i gcomhar le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus le Foras na Gaeilge, agus mar a mhínigh Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí an Oireachtais:

‘D’eascair seo ó phlé a tharla idir muid féin, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge faoi cén chaoi is fearr leis na healaíona Gaeilge a fhorbairt sa tuaisceart. D’aontaigh muid gur cóir deis a thabhairt d’eagrais agus d’oifigigh Ghaeilge, agus d’eagrais ealaíon nach eagrais Ghaeilge iad, teacht le chéile agus samplaí de thionscadail ealaíon Gaeilge d’ardchaighdeán a chur os a gcomhar. Labhróidh an físealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin faoi thionscadal ealaíon pobail inar phléigh sí tábhacht na Gaeilge do phobal beag tuaithe. Taispeánfaidh an cóiréagrafaí Ríonach Ní Néill a gearrscannán I Modh Rúin faoi mhná sna 60aidí, 70aidí agus 80aidí a thóg a gcuid páistí le Gaeilge, agus faoin gcaoi a mbaineann sí leas as a saothar ealaíon leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is é teideal an chur i láthair a dhéanfaidh an file agus ceoltóir Marcus Mac Conghail ná Buail Aríst Mé – Dé hÍde agus an Dúitseach.

Maidir le hardán a thabhairt do na healaíona Gaeilge, labhróidh Aisling Ní Labhraí ón gCultúrlann i mBéal Feirste faoi ról na n-ionad; cuirfidh Rossa Ó Snodaigh (KÍLA, agus bunaitheoir An Puball Gaeilge ag an Electric Picnic) síos ar na deiseanna maidir le himeachtaí Gaeilge a chur ar chlár féilte ealaíon; agus pléifidh an t-amhránaí agus ceoltóir Dermott Mulholland na deacrachtaí a bhaineann le lucht féachana a fhorbairt do na healaíona i gceantair thuaithe.’

Seo mar a labhair Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge faoin ócáid:

‘Is deis iontach an lá seo atá eagraithe ag Oireachtas na Gaeilge dhá ghné de chuid chultúr na hÉireann a chur chun cinn le chéile, an Ghaeilge agus na healaíona. Tá muid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa chéad ócáid den chineál seo ó thuaidh agus tá súil againn go mbeidh deiseanna eile ann amach anseo tionscadail eile a dhéanamh agus An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge ag obair le chéile.’

Is i nGaeilge a dhéanfar na cuir i láthair uile agus beidh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh an tAonach ar siúl ó 10:30 a.m. go 3:30 p.m. agus is féidir ticéad saor in aisce a chur in áirithe ag http://www.eventbrite.com/e/aonach-na-nealaion-arts-fair-tickets-37843393609?aff=es2. Cuirfear lón saor in aisce ar fáil freisin agus beidh deis ag daoine eolas faoina gcuid eagras a roinnt le rannpháirtithe eile ag am lóin.

Níor reáchtáladh a leithéid riamh cheana agus tá súil ag An tOireachtas, ag An Chomhairle Ealaíon agus ag Foras na Gaeilge go nglacfaidh daoine páirt san aonach agus go n-eascróidh tionscadail eile ealaíon uaidh.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

Majella Ní Chríocháin Oifigeach Imeachtaí & Forbartha Freastail

+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie