Author Archives: Anna Davitt

  1. Edel Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge

    Leave a Comment

    Tá Edel Ní Chorráin tosaithe i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge in oifig Bhéal Feirste.

    Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, a ceapachán le Edel thiar i mí an Mheithimh 2017, ag rá go mbeidh “cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn am atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de”. Tugann sí réimse leathan scileanna agus taithí léi isteach sa phost ríthábhachtach seo le Foras na Gaeilge, a bhfuil sé ar cheann de phríomhfheidhmeanna aige tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. 

    Tá taithí na mblianta ag Edel i réimse an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus ag dearadh áiseanna teagaisc Gaeilge don seomra ranga go háirithe. I measc na dtionscadal a d’fhorbair Edel mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), tá foclóir ar líne ar a dtugtar Ríomhfhoclóir Matamaitice, a thugann sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice. Beidh sí ag díriú go sonrach ar na réimsí seo sa ról nua ó thaobh forbairtí a dhéanamh in oiliúint tosaigh múinteoirí chomh maith le sraith seimineár uile-oileáin a thabharfaidh treoir straitéiseach d’eagraíochtaí a dhearann áiseanna foghlama Gaeilge.  Mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, beidh ról lárnach aici ag pleanáil, ag eagrú agus ag bainistiú ghnó Fhoras na Gaeilge.

    Ag labhairt faoina tosaíochtaí sa ról nua, dúirt Edel, “anois agus aird ar leith ó thuaidh ar an Ghaeilge, beidh tábhacht  le ról reachtúil comhairleach Fhoras na Gaeilge do na Rialtais, agus béim ar leith ar ról ceannasaíochta Fhoras na Gaeilge. Lena chois sin beidh sé mar thosaíocht agam feasacht a ardú ar bhuntáistí an dátheangachais, an tairbhe a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar ábhair eile cosúil le Matamaitic trí mheán na Gaeilge go háirithe. Fuair mé mo chuid oideachais trí mheán an Bhéarla agus tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu chomh maith. Mar sin, tá sé mar aidhm agam feasacht a ardú maidir le tairbhe na Gaeilge do dhaoine óga tríd an tionscadal Gaelbhratach agus cur le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar GCSE agus don A-leibhéal.”

    Críoch

    Nóta don Eagarthóir

    Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

    Is ar an nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin  Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Chaith sí 10 mbliana ag obair mar chinnire, mar mhúinteoir agus ansin mar Phríomhoide i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

    Tuilleadh eolais:

    Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

    Teil: 0035387 673 6175    

    Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

  2. Socrúchán cruthaitheach liteartha do scríbhneoirí Gaeilge

    Leave a Comment

    Glao ar iarratais le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha 8 seachtaine, 15 Deireadh Fómhair go 15 Nollaig 2017, i dTír na mBascach do scríbhneoirí Gaeilge.

    Is é an spriocdháta d’iarratais 1 p.m. an 8 Meán Fómhair 2017.

    Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha agus teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

    • Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
    • Foras na Gaeilge (Éire)
    • X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
    • Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
    • Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

    Is iad cuspóirí an tionscadail:

    • Cuidiú an litríocht a scríobhtar i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
    • Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
    • Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
    • Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
    • An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. 
    • Deis a thabhairt do scríbhneoirí tairbhe a bhaint as socrúchán liteartha le cuidiú leo forbairt ina ngairm liteartha.

    Is iad na codanna an tionscadail:

    • Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

    • Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.  

    • Aistriúcháin: Mar a luadh tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

    • Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh. 

    Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

    Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí.

    Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig focaileile@forasnagaeilge.iewww.focaileile.ie nó www.otherwordsliterature.eu

  3. Campaí samhraidh 2017 faoi lán seoil

    Leave a Comment

    Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh níos mó na 80 campa samhraidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin as seo go deireadh an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2017, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir 3 agus 18 mbliana déag freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €168,346, uasmhéid €2,500 nó £1,750 an ceann, do 82 champa éagsúil i mbliana.

    Tabharfaidh na campaí seo eispéireas uathúil agus spraíúil do pháistí an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht thaitneamhach ina gceantar féin. Beidh roinnt campaí nua á reáchtáil den chéad uair i mbliana a eagróidh imeachtaí trí mheán na Gaeilge i réimsí iomlán nua lena n-áirítear an bheachaireacht agus idirghníomhaíocht le hainmhithe feirme agus saol na tuaithe.

    Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is ag fógairt ár n-aiféala nach bhféadfadh Foras na Gaeilge freastal ar an éileamh ar champaí samhraidh a bhí muid an tráth seo anuraidh. Cé gur mhéadaigh líon na gcampaí a cháiligh faoin scéim in 2016, ní raibh buiséad cuí againn le tacú leo uilig agus b’éigean dúinn diúltú do 23 de na hiarratais sin. Mar sin tá an-áthas orm nach amhlaidh an cás i mbliana agus gur ceadaíodh deontais don 82 champa a cháiligh don scéim. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla as Iarthar Bhéal Feirste go Cathair Chorcaí agus go seasfaidh a n-eispéireas leis an 3,500 páiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana.”

    Le campa samhraidh a aimsiú i do cheantar féin tabhair cuairt ar an lárphointe eolais don Ghaeilge, www.peig.ie, agus cuardaigh campaí samhraidh ar an léarscáil idirghníomhach nó san eolaire imeachtaí.

  4. Campaí samhraidh 2017 faoi lán seoil

    Nóta don eagarthóir:

    Cuairteanna ó na meáin ar champaí samhraidh 2017

    Beidh Foras na Gaeilge ag éascú cuairteanna ó na meáin ar na campaí samhraidh agus tá liosta iomlán de réir gach contae ar fáil. Sonraí teagmhála ar fáil thíos.

    PEIG.ie

    Is é peig.ie an t-aon suíomh gréasáin a chuireann imeachtaí Gaelacha timpeall na tíre agus an domhain chun cinn. Is féidir do chuid imeachtaí féin a chlárú ar an suíomh nó cuardach a dhéanamh ar imeachtaí i do cheantar féin. Tá an suíomh á riar ag Conradh na Gaeilge.

    Tuilleadh eolais:

    Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

    Teil: 0035387 673 6175    

    Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

  5. Próiseas Comhairliúcháin: Athbhreithniú ar Mhaoiniú d’Ionaid Ghaeilge

    Leave a Comment

    Tá próiseas comhairliúcháin á reáchtáil ag Foras na Gaeilge le tuairimí a lorg faoin mbealach is fearr chun tacaíocht a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin as seo go dtí an 22 Meitheamh 2017.

    Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh thuairimí an phobail, agus é mar aidhm aige freastal níos straitéisí agus níos leithne a dhéanamh ar ionaid Ghaeilge eile atá ag teacht chun cinn ó thuaidh agus ó dheas. Cé nach bhfuil aon scéim ag Foras na Gaeilge faoi láthair le freastal ar ionaid Ghaeilge tá deontas bliantúil á chur ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i gCathair Bhéal Feirste agus do Ghaeláras Uí Chanáin i gCathair Dhoire. Go deireadh 2016, tá infheistíocht maoinithe os cionn €6,143,500 nó £4,490,395 curtha ar fáil don dá mhór-ionad Gaeilge ag Foras na Gaeilge thar na blianta. Tá luach de £223,000 de mhaoiniú bliantúil á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge don dá ionad Gaeilge faoi láthair.

    Ag labhairt dó inniu ar fhógairt an phróisis, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Tugann taighde le fios dúinn, má bhíonn ‘spás sábháilte’ ar fáil ag daoine a labhraíonn mionteanga go gcuireann sin go mór le húsáid na Gaeilge sa phobal.  Aithníonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an tábhacht a bhaineann le timpeallacht faoi leith a chothú do phobal labhartha na Gaeilge agus ról an ionaid Ghaeilge mar institiúid leis an ‘spás sábháilte’ a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge i gceantair éagsúla. Is gné ríthábhachtach de phrionsabail na pleanála teanga é an gréasán sóisialta, tá ról lárnach ag ionaid Ghaeilge chun deiseanna úsáidte do phobail na Gaeilge a spreagadh laistigh de thimpeallacht shóisialta, agus ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil ar an bhealach is fearr leis sin a dhéanamh.”

    Ba mhaith le Foras na Gaeilge tuairimí a fháil ón bpobal ar na ceithre rogha éagsúla atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin, agus iarrtar tuairimí, go háirithe, ó ghrúpaí maoinithe reatha, ó dheontaithe faoi scéimeanna éagsúla Fhoras na Gaeilge chomh maith le tuairimí na 6 Cheanneagraíocht ar na roghanna éagsúla agus ar fhorbairt scéim nua d’ionaid Ghaeilge, trí aighneachtaí scríofa agus teagmháil leanúnach.

    Tá sonraí agus doiciméad comhairliúcháin an phróisis ar fáil ag an nasc seo. Foilseofar toradh an phróisis agus achoimre freagairtí ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie, san fhómhar 2017.

    Tuilleadh eolais:

    Comhordaitheoir Freagairtí

    Foras na Gaeilge

    2-4 Sráid na Banríona

    Béal Feirste, BT1 6ED

    Teil: 0044 2890 890970

    Ríomhphost: ionaid@forasnagaeilge.ie

    Comhordaitheoir Freagairtí

    Foras na Gaeilge

    7 Cearnóg Mhuirfean

    Baile Átha Cliath 2.

    Teil: +353 1 639 8400

    Ríomhphost: ionaid@forasnagaeilge.ie

    Fiosruithe ó na meáin:

    Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

    Teil: 0035387 673 6175    

    Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

  6. Do Ghairm le Gaeilge: Aonach Gairmeacha, 8 Feabhra

    Leave a Comment

    Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge an feachtas feasachta, do Ghairm le Gaeilge, a sheoladh i gcomhar le Grad Ireland. Tá an feachtas seo dírithe ar fhochéimithe agus beidh sé mar aidm aige aird a tharraingt ar an tairbhe a bhaineann leis an dátheagachas agus le líofacht i nGaeilge san ionad oibre, bíodh sin trí mhic léinn a spreagadh le hinniúlacht sa Ghaeilge a lua ar a CV agus iad a chur isteach ar phoist, lena nGaeilge a úsáid sna poist a bheidh acu amach anseo, cúrsaí iarchéime trí Ghaeilge a roghnú chomh maith le cur isteach ar phoist in earnáil na Gaeilge.

    Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá súil againn go rachaidh an feachtas i bhfeidhm ar dhaoine óga agus machnamh á dhéanamh acu faoin ghaol fhadtéarmach a bheidh acu leis an teanga. Ba mhaith linn an fiúntas a bhaineann lena líofacht a chothú a léiriú do mhic léinn le go dtuigfidh siad na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le bheith ag obair i réimsí éagsúla trí Ghaeilge, lena n-áirítear cúrsaí teagaisc, aistriúcháin, dlí agus na meáin.”

    Chuige sin, tá an treoirleabhar Do Ghairm le Gaeilge foilsithe ar líne a thugann comhairle phraiticiúil agus eolas luachmhar maidir le cúrsaí oiliúna agus deiseanna oibre trí Ghaeilge. Anuas air sin, tá ábhar ar líne forbartha lena n-áirítear físeáin d’agallaimh le hambasadóirí gairme as réimsí éagsúla ina ndéanann siad cur síos ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dóibh ina saol oibre go dtí seo.

    Mar chuid den fheachtas beidh seastán ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha #FYI agus Aonach Teangacha Grad Ireland san RDS ar an 8 Feabhra 2017 agus beidh foireann i láthair le labhairt le mic léinn faoi na deiseanna éagsúla oiliúna, fostaíochta agus deonacha atá ar fáil trí Ghaeilge. Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh (comhalta boird agus craoltóir RTÉ) seimineár i láthair chomh maith a dhíreoidh ar thaithí agus ar chomhairle phraiticiúil ar a bheith ag obair le Gaeilge ó rannpháirtithe na bhfíseán.

    Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin seimineár agus clárú don aonach anseo:

    Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh chách chuig an ócáid agus fáilte ar leith roimh fhostóirí agus oideachasóirí 3ú leibhéal.

    * Críoch *

    Tuilleadh eolais:

    Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

    Teil: 0035387 673 6175    

    Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

  7. Siuán Ní Mhaonaigh ceaptha mar Chathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga

    Leave a Comment

    Tá Siuán Ní Mhaonaigh ceaptha ag Bord Fhoras na Gaeilge mar Chathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga don tréimhse Eanáir 2017 go dtí Nollaig 2020. Tagann Siuán i gcomharbacht ar an Ollamh Comhlach Regina Uí Chollatáin, Ceann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC,  a bhí ag feidhmiú ó 2014 go deireadh 2016 mar Chathaoirleach an Fhóraim.

    Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair do Shiuán a bhfuil céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil ó Choláiste na Tríonóide. Is taighdeoir agus comhairleoir teanga í a bhfuil saineolas aici i gcúrsaí measúnachta agus teagaisc. Tá sí ina stiúrthóir ar Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie), tionscadal de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad agus ina comhstiúrthóir ar an gcomhairleoireacht teanga Aistear (www.aistear.ie).  

    I measc a cuid foilseachán tá Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2008), Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar (COGG, 2013) agus Snas agus Blas (CCEA, 2016).

    Ag labhairt dó inniu, ghabh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn buíochas leis an Ollamh Comhlach Uí Chollatáin, a rinne “obair cheannródaíoch mar chéad chathaoirleach an Fhóraim trí ardán bríomhar a bhunú agus a stiúradh do phobal na Gaeilge”.  Thréaslaigh sé a ceapachán le Siuán Ní Mhaonaigh agus ghuígh sé gach rath uirthi ina cúram nua.

    Tá an Fóram Forbartha Teanga Uile-Oileáin ionadaíoch ar ghrúpaí sainleasa áitiúla teanga atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail agus is dlúthchuid é den chur chuige comhpháirtíochta, an struchtúr foirmiúil idir na Ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.

    Is é cuspóir an Fhóraim Forbartha Teanga tuairimí agus comhairle dheontaithe Fhoras na Gaeilge, i.e. pobal na teanga, a fháil ar fhorbairt na Gaeilge sna mór-réimsí atá faoi fhreagracht na sé Cheanneagraíocht, agus ar phleananna na gCeanneagraíochtaí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chuspóirí agus faoi bhallraíocht an Fhóraim ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge anseo.

  8. Siuán Ní Mhaonaigh ceaptha mar Chathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga

  9. Séasúr nua de Siamsaíocht@6!

    Leave a Comment

    Beidh an chéad cheolchoirm den tsraith mhíosúil ‘Siamsaíocht@6!’ á reáchtáil ag Gael Linn, Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair.  Is tríréad de chuid an  Raw Bar Collective a chuirfidh tús leis an séasúr nua a bheidh ar siúl in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, atá suite ar an dara hurlár den ionad siopadóireachta, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, gar do Shráid Grafton, i lár chathair Bhaile Átha Cliath.     

    Triúr ceoltóirí a bhfuil aithne fhorleathan orthu atá mar ancairí sa ghrúpa:  an fliúiteadóir Conal Ó Gráda ó Chorcaigh, Benny McCarthy as Port Láirge a sheinneann an bosca ceoil agus an mileoidean agus, de bhunadh Uíbh Fhailí, an fidléir, Dave Sheridan.  Ag seinnt le chéile le tamall fada de bhlianta anois, díríonn an Raw Bar Collective ar ghaol a chothú lena gcuid éisteoirí. Cuireann siad a gcuid ceoil i láthair le croíúlacht, le meas is le greann!  Bíonn an-tóir orthu seinm ag féilte ceoil i gcéin is i gcóngar.   Tá dhá albam eisithe ag an ngrúpa – ‘Millhouse Measures’ sa bhliain 2011, agus an ceann is déanaí dá gcuid, ‘Ag Fógairt an Lae’ a tháinig ar an saol le cúpla mí anuas.

    Is cinnte go mbeidh tráthnóna de cheol eisceachtúil le cloisteáil  ón Raw Bar Collective ag a gceolchoirm in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, tráthnóna Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair ! Is ag 6p.m. a chuirfear tús le cúrsaí agus leanfaidh an scléip go dtí 8p.m. Níl ach líon beag ticéad ar fáil, ar chostas réasúnta €10 an ceann agus beidh rogha sólaistí ar fáil le ceannach san ionad. Is gá áirithint a dhéanamh roimhré ag 087 254 7574niamh@gael-linn.ie.

    Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01 675 3303 nó niamh@gael-linn.ie

  10. Folúntas: Stiúrthóir na Gaeilge, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

    Leave a Comment

    Tá clár gnó fairsing iléagsúil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca le hoidhreacht, ealaíona agus cultúr shaibhre na hÉireann a chur chun cinn, dul chun cinn inbhuanaithe fadtéarmach geilleagrach agus sóisialta a bhrú chun cinn ar fud na tuaithe in Éirinn, chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge, forbairt na Gaeltachta agus forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán.

    Beidh Stiúrthóir na Gaeilge ag tuairisciú don Ard-Rúnaí, agus freagrach as tacú leis an nGaeilge agus í a neartú mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht. Beidh sé/sí freagrach freisin as forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí a chomhordú ar fud na Roinne chun comhoibriú Thuaidh/Theas a chur chun cinn. Beidh an Stiúrthóir i gceannas ar Rannán na Gaeltachta agus lonnaithe in oifig na Roinne sna Forbacha, i nGaillimh.

    Beidh an méid seo a leanas ag an iarrthóir idéalach:

    • Taithí shuntasach ó thaobh cheannasaíochta, bhainistithe agus eagrúcháin de agus an cumas foirne atá scaipthe a stiúradh agus a fhorbairt;

    • Leibhéal ard scileanna forbartha straitéise agus polasaí, agus cumas léirithe an t-aistriú ó straitéis go soláthar gníomhach athruithe a threorú;

    • Scileanna cumarsáide agus tionchair den scoth, agus an cumas caidrimh éifeachtacha a chothú, go háirithe caidrimh sheachtracha le réimse leathan eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha;

    • Scileanna labhartha agus scríofa Gaeilge den scoth agus éileofar air nó uirthi a dhualgais nó a dualgais a chur i gcrích trí Ghaeilge ar bhonn laethúil.

    Tuilleadh eolais: http://www.publicjobs.ie/publicjobs/campaignAdvert/38113.htm