Camchuairt fógartha ag Foras na Gaeilge

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain.  Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

 

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

 

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

 

Dáta

Baile

Ionad

Am

02/11/2018

Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

15:00

07/11/2018

Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

19:30

07/11/2018

An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

19:00

08/11/2018

Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

19:30

14/11/2018

Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

19:30

15/11/2018

Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

19:30

16/11/2018

Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526

16:15

 

* Críoch *

Faoi Fhoras na Gaeilge

 

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas

  • cur chun cinn na Gaeilge;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhinn, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais fógraíochta, caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin: Oideachas, Foras na Gaeilge.

Teil: 00353 1 639 8400

Ríomhphost: cohargain@forasnagaeilge.ie