Ciste do Leabharlanna

Tá ciste teoranta á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge mar thacaíocht do leabharlanna timpeall na tíre ar mhaithe le hócáidí liteartha le scríbhneoirí/ údair Ghaeilge a chur chun cinn sna leabharlanna.  Beidh cead ag leabharlann cur isteach ar thacaíocht suas le €500 i leith gach ócáid liteartha Ghaeilge a eagraítear sa leabharlann.  Tá an maoiniú á chur ar fáil chun táille agus costais taistil scríbhneoir(í)/ údair amháin a chlúdach.  Beifear ag súil go n-íocfar táille réasúnta nach lú ná €200 leis na scríbhneoirí/ údair i láthair.  Tá an ciste seo ar fáil d’ócáidí dírithe ar aon aoisghrúpa.   

Tá Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus/ nó Cumann na bhFoilsitheoirí ar fáil más mian libh aon chomhairle a fháil maidir leis an gcineál ócáid a d’fhéadfaí a eagrú. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge - cathalpoirteir@gmail.com

Cumann na bhFoilsitheoirí -        tadhg@futafata.ie

Ní mór teagmháil a dhéanamh le hoifig Chlár na Leabhar Gaeilge i Ráth Chairn ag leabhar@forasnagaeilge.ie/ 046 9430419 chun foirm iarratais a lorg.  Is é 13:00 Déardaoin 1 Meán Fómhair, 2016 an spriocdháta d’iarratais. Glacfar le hiarratais ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ agus déanfar measúnú agus cinneadh go dtí go bhfuil an spriocdháta istigh nó an buiséad ídithe.