Clár Oíche Chultúir, an 18 Meán Fómhair, i gCeannáras an Fhorais

Oíche Chultúir, an 18 Meán Fómhair 2015

Thíos Staighre i mBaile Átha Cliath i gCeannáras an Fhorais, 7 Cearnóg Mhuirfean

 

Osclófar doirse cheannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, don phobal ar Oíche Chultúir, an 18 Meán Fómhair, áit a mbeidh siamsaíocht, comhluadar agus go leor eile. Beidh clár na hoíche mar chuid den tionscadal Thíos Staighre i mBaile Átha Cliath, atá á reáchtáil ag The Irish Times d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar thithe Seoirseacha Chearnóg Mhuirfean.

 

Clár na hOíche

5.00 p.m. – 9.30 p.m.

Taispeántas: Gairdín Íoslaigh (le feiceáil taobh amuigh)

Is taispeántas uathúil é Gairdín Íoslaigh a bheidh le feiceáil ó chosán Chearnóg Mhuirfean Thuaidh, taobh amuigh den cheannáras ar an oíche seo amháin. Is saothar draíochtach, rúndiamhair é seo in íoslach an Fhorais, cruthaithe ag Fionnuala Fallon, Comhfhreagraí Garraíodóireachta The Irish Times in íoslach an Fhorais. Beidh sé mar aidhm ag Gairdín Íoslaigh cuairteoirí a bheidh ag siúl thar bráid a mhealladh lena áilleacht agus le hoidhreacht shaibhir chultúrtha na teanga, na bplandaí Éireannacha agus na hailtireachta Éireannaí. Cruthófar an saothar aon uaire seo go sonrach le haghaidh na hoíche agus, mar sin, ní mór an deis a thapú chun é a fheiceáil idir na hamanna thuas!

5 p.m. – 7.30 p.m.

Plé agus Tae (ceaintín agus halla an Fhorais)

Beidh fáilte roimh chách cupán tae a ól agus pé Gaeilge atá acu a labhairt inár gcomhluadar i gceaintín an Fhorais idir 5 p.m. agus 7.30 p.m. Má tá sos tae uait ón gcamchuairt ar thaispeántais eile ar Chearnóg Mhuirfean nó má tá tú fiosrach faoin teanga agus cultúr, buail isteach chugainn agus beidh fáilte romhat. 

5 p.m. – 7.15 p.m.

Taispeáint Rún Cheanannais Mhóir (halla an Fhorais)

Taispeánfar an scannán clúiteach, a bhain ainmniúchán amach do ghradaim Oscar 2010, Rún Cheanannais Mhóir, ag 5.30 in. i Halla an Fhorais. Ár mbuíochas do Cartoon Saloon as na socruithe a dhéanamh le go mbeifear in ann an leagan Gaeilge den scannán beochana fíorspeisialta seo a thaispeáint.

Beidh fáilte mhór roimh theaghlaigh ag an taispeáint neamhfhoirmiúil seo. Cuirfear suíocháin ar fáil chun tosaigh agus spás ar chúl an halla le go mbeidh solúbthacht agus spás ag tuismitheoirí agus páistí teacht agus imeacht le linn na taispeána.

Is scannán Treoir Tuismitheora nó PG é seo a fhágann go bhféadfadh nach mbeadh míreanna sa scannán oiriúnach do pháistí óga. Is faoi thuismitheoirí a bheidh sé rogha a dhéanamh maidir lena oiriúnacht dá leanaí féin.

Seo nasc chuig Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann maidir le scannáin PG:

http://www.ifco.ie/website/ifco/ifcoweb.nsf/web/pgguidelines?OpenDocument&type=graphic

8.00 p.m. – 9.30 p.m.

Oíche shiamsaíochta (halla an Fhorais)

Bígí linn do cheiliúradh deireanach Oíche Chultúir a bheidh dírithe ar chomhluadar, ceol agus filíocht. Cuirfidh an grúpa ceoil, IMLÉ, meascán de stíleanna difriúla ceoil, ó hip-hap go punc, inár láthair agus beidh filí inár gcomhluadar mar aíonna speisialta le linn na hoíche chomh maith.

Bígí linn le haghaidh sólaistí agus go leor eile!