Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, a chuireann chun cinn úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír.
Tá súil ag Colmcille, mar thoradh ar a chuid oibre, tuiscint ar thaithí ilghnéitheach agus ar chultúr ilghnéitheach phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig a chothú, agus chun plé a spreagadh ar chomhbhuarthaí atá acu maidir le cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, d’fhonn féinmhuinín a spreagadh sna pobail Ghaeilge.
Tuilleadh eolais faoi scéimeanna deontais agus tionscadail Cholmcille anseo. Tabhair cuairt ar leathanach Shlí Cholmcille ar Facebook anseo.