Comhdháil Naomh Colmcille agus Earra-Ghàidheal

De réir an tseanchais, is i gCinn Tíre a leag Naomh Colmcille cos de chéaduair san áit ar a dtugaimid Albain inniu. Ar an 27 agus an 28 Meitheamh beidh comhdháil speisialta dhá lá ar oidhreacht an naoimh i gCinn Tìre agus in Earra-Ghàidheal. Beidh plé ann fosta ar an bhealach is fearr le forbairt a dhéanamh ar Shlí Cholmcille, leis an turasóireacht agus an oidhreacht a chur chun cinn in Earra-Ghàidheal agus le nascanna níos láidre a chur chun cinn idir Éire agus Albain. Beidh an chomhdháil san Óstán Ardshiel i gCeann Loch Chille-Chiarain, Earra-Ghàidheal, agus tá sí á heagrú ag Urras nan Leabhraichean i bpáirt le Colmcille, clár páirtíochta idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain.

Beidh daoine ag éisteacht le saineolaithe  ar Naomh Colmcille as an dá thaobh de Mhuir Éireann. Tá an ócáid oscailte don uile dhuine, cibé cúlra atá acu. Is maith an deis é le foghlaim faoin tionchar mhór a bhí ag Colmcille ar an réigiún agus ar an tionchar bhuan a bhí aige ar Albain agus ar Éirinn. I measc na gcainteoirí, beidh an scríbhneoir agus iriseoir Brian Morton, Rachel Butter agus Alasdair Whyte ó Ollscoil Ghlaschú, agus Colm  Ó Cuaig ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gan ach beagán a lua. Beidh cuid de na cainteanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge na hÉireann, agus beidh ateangaireacht chuig an Bhéarla ar fáil. Beidh cèilidh ann chomh maith le seoladh leabhair, agus cuairt ar áiteanna sa dúiche atá luaite le Colmcille.

Is féidir freastal ar an ócáid uile, ar leath lae, nó ar sheisiúin ar leith, agus tá na praghsanna á gcoinneáil chomh híseal ar mhaithe lena dhéanamh chomh furasta agus is féidir do dhaoine páirt a ghlacadh ann, idir mhuintir Chinn Tíre agus chuairteoirí araon. Tá an lucht eagraithe i bhfách le páirtíocht a fháil as Éirinn agus Albain, agus beidh seoladh ar leith den Kintyre Express ann ó Bhaile an Chaistil go Ceann Locha maidin Dé Sathairn an 27 Meitheamh gan breis costas ar bith do dhaoine atá cláraithe don chomhdháil (is iad na daoine is túisce a dhéanfaidh clárú a gheobhaidh na háiteanna ar an bhád).

Lena chois sin tá líon teoranta sparánachtaí ar fáil do dhaoine a bheas ag taisteal chun na comhdhála as Éirinn, agus as Albain taobh amuigh d’Earra-Ghàidheal. Na daoine  in Albain a bhfuil spéis acu sna sparánachtaí is ceart dóibh ríomhphost a chuir chuig Dàibhidh Boag ag Bòrd na Gàidhlig Daibhidh@gaidhlig.org.uk. Más as Éirinn atá an t-iarratas, is ceart é a chur chuig Maolcholaim Scott ag Foras na Gaeilge mscott@forasnagaeilge.ie

Gabh i dteagmháil le Màiri ag Urras nan Leabhraichean ar mhaithe le tuilleadh eolais nó le clárú: màiri@theislandsbooktrust.com, fón 01851 830316.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

  • Bunaíodh Urras nan Leabhraichean in 2002 ar mhaithe le dhá aidhm: Tuiscint ar stair oileáin na hAlban, fána gcomhthéacs leitheadach Ceilteach agus Lochlannach, a chur chun cinn. Sochar geilleagrach sóisialta agus cultúrtha a ghiniúint do phobail logánta.
  • Foilsíonn Iontaobhas Leabhraichean nan Eilean leabhair ar chultúr agus stair na hAlban agus ar Ghaeilge na hAlban le cois ábhair eile. Leis an réimse iomlán a fheiceáil, tabhairt cuairt le do thoil ar an tsuíomh gréasáin againn www.theislandsbooktrust.com
  • Ar mhaithe le hagallaimh i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla, déan teagmháil, le do thoil, le mairi@theislandsbooktrust.com