Cvetka Bevc: An chéad scríbhneoir in Éirinn do Focail Eile

Tá an t-údar Cvetka Bevc roghnaithe ag Cumann Ealaíne Comhaimseartha X-OP sa tSlóivéin le haghaidh na cónaitheachta liteartha Focail Eile in Éirinn.

Is file, scríbhneoir agus ceoltóir í Cvetka Bevc a chónaíonn agus a shaothraíonn in Ljubljana. Scríobhann Cvetka prós, filíocht, litríocht d’aosaigh óga agus saothair dhrámaíochta. Tá níos mó ná tríocha dráma raidió mar léiriúcháin iomlána scríofa aici agus tá níos mó ná fiche leabhar foilsithe aici. Tá a saothair filíochta agus phróis aistrithe go Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Seicis, Seirbis, Cróitis, Bulgáiris, Rómáinis, Sínis, Bealarúisis, Laitvis etc. Tá roinnt script scannáin, ceoldrámaí amharclainne agus a lán léiriú ceoil agus bunscór do dhrámaí raidió, drámaí amharclainne agus scannáin scríofa aici freisin.

Preaseisiúint - Cvetka Bevc