Fógra scoir Chois Life agus na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

Ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn maidir le fógra scoir Chois Life agus na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge:

 

Is oth le Foras na Gaeilge fógra scoir Chois Life, comhlacht foilsitheoireachta a bhfuil ard-mholadh tuillte acu as a bhfuil bainte amach acu ó bunaíodh iad in 1995. Fágfaidh siad bearna san earnáil lena n-imeacht, nach mbeidh furasta a líonadh, nó bhí sainchúram ar leith déanta acu de chur chuige ar leith agus de réimse ar leith foilsitheoireachta. Ar ndóigh chuir saineolas agus taithí na stiúrthóirí go mór leis an chur chuige sin agus leis na tacaíocht a chuir siad ar fáil dá n-údair.

Aithníonn Foras na Gaeilge go bhfuil earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach, mar atá earnáil na foilsitheoireachta i gcoitinne in Éirinn. Tá dúshláin go leor le sárú ag na foilsitheoirí Gaeilge, ar comhlachtaí beaga teaghlaigh a mbunús, agus gan ach duine nó beirt ag plé leo. Aithnímid fosta go bhfuil earnáil na leabhar an-iomaíoch faoi láthair go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil deacrachtaí móra ann in earnáil na Gaeilge maidir le pobal léitheoireachta, siopaí leabhar, scríbhneoirí úra, foilsitheoireacht agus eagarthóireacht, gan trácht ach ar chuid de na dúshláin. Tá ciorruithe móra déanta ó thús na géarchéime eacnamaíochta ar mhaoiniú an stáit do Chlár na Leabhar Gaeilge, atá gearrtha ó €1.8m in 2008 go €1.06 in 2017, laghdú de os cionn €700,000. Níl aon amhras orainn go bhfuil seo ag dul i bhfeidhm ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ar bhealach diúltach. Ach tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil gníomhartha níos leithne de dhíth agus nach réiteoidh maoiniú breise amháin na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta. Tá súil ag Foras na Gaeilge cruinniú a shocrú le stiúrthóirí Chois Life agus le Cumann na bhFoilsitheoirí leis na dúshláin seo a chíoradh.

Cé go bhfuil feabhas i ndiaidh teacht ar chúrsaí margaíochta agus dáileacháin leabhar le blianta beaga anuas, tá an timpeallacht tráchtála do dhíol leabhar an-dúshlánach in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an Bhéarla. Agus is cinnte go dtagann méadú suntasach ar chúrsaí riaracháin de réir mar a mhéadaítear ar líon na n-údar, líon na leabhar agus láimhseáil cúlstoic.

Tá Foras na Gaeilge i ndiaidh roinnt tionscnamh a bhunú le blianta beaga anuas le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin i gcomhar leis na foilsitheoirí, agus le haghaidh a thabhairt ar cheist na léitheoireachta i measc phobal na Gaeilge. Ach aithnímid fosta go bhfuilimid ag plé le ceist atá an-chasta mar atá ceist nósmhaireachtaí léitheoireachta i measc lucht mionteanga ar fud an domhain, agus go bhfuil réimse beart de dhíth le haghaidh a thabhairt ar cheist na léitheoireachta i measc idir óg agus aosta i bpobal na Gaeilge.

Agus muid ag aithint go bhféadfadh athruithe suntasacha tarlú in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge sna 10 mbliana atá romhainn, beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh an cheist seo a phlé go mion le Cumann na bhFoilsitheoirí,  leis an Rialtas ó dheas, agus le páirtithe leasmhara eile thuaidh agus theas idir seo agus deireadh na bliana, ach aithnímid nach bhfuil aon ghníomh suntasach amháin is féidir a dhéanamh leis an cheist chasta seo a réiteach.