Fógraíonn Foras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu seo ar siúl in Hannon’s Hotel, Baile Ros Comáin, Dé Máirt an 7 Feabhra ag 7.30 p.m.

Ar an oíche roinnfidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar agus ceisteanna a chur.

Ag labhairt dó inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe Thuaidh agus Theas aitheanta againn óna raibh líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Tá súil againn teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla sna seisiúin seo agus feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe atá ar fáil dóibh. Cuirimid ar fáil raon leathan scéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ina ndíol spéise go háitiúil ar leibhéil éagsúla agus mholaimis go láidir do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a bheith i láthair.”

I measc scéimeanna 2017 a lainseáladh le deireanas tá Scéim na nImeachtaí Óige agus Scéim na gCampaí Samhraidh. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Téigh go suíomh corparáideach Fhoras na Gaeilge ag https://www.forasnagaeilge.ie le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

 

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

 

Dáta

Baile

Ionad

Am

Dé Máirt, 7 Feabhra

Ros Comáin

Hannon's Hotel

19:30

Dé Céadaoin, 8 Feabhra

An Muileann gCearr

Áras an Mhuilinn

20:00

Déardaoin, 9 Feabhra

An Cabhán

Cavan Crystal Hotel

19:30

Dé Máirt, 14 Feabhra

Tulach Mhór

The Bridge House Hotel

19:30

Dé Céadaoin, 15 Feabhra

Longfort

Longford Arms Hotel

19:30

Déardaoin, 16 Feabhra

Luimneach

Maldron Hotel

19:30

Dé Máirt, 21 Feabhra

Cill Chainnigh

Springhill Court Hotel

19:30

Dé Céadaoin, 22 Feabhra

Bré

Royal Hotel

19:30

Déardaoin, 23 Feabhra

Dún Dealgan

Oriel Centre - Dundalk Gaol

19:30

Dé Céadaoin, 1 Márta

Port Laoise

Maldron Hotel

19:30

Déardaoin, 2 Márta

Inis Ceithleann

Enniskillen Hotel

19:30

 

 

Nótaí don Eagarthóir:

Faoi Fhoras na Gaeilge

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas

  • cur chun cinn na Gaeilge
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhinn, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá
  • taighde, feachtais fógraíochta, caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

 

 

Tuilleadh Eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin: Oideachas, Foras na Gaeilge.

Teil: 00353 1 639 8400

Ríomhphost: cohargain@forasnagaeilge.ie