Fógraítear infheistíocht i naíscoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann

D’fhógair Foras na Gaeilge infheistíocht iomlán £93,000 chun dhá naíscoil lán-Ghaeilge a fhorbairt i dTuaisceart Éireann.

Gheobhaidh Naíscoil na Caille, i gCathair Ard Mhacha, deontas dar luach £73,000 chun tacú lena seoladh i mí Mheán Fómhair 2017 agus infheisteofar £20,000 eile i Naíscoil na Fíobha, i dTuaim, Contae Aontroma, a osclóidh i mí Mheán Fómhair freisin.

Is cinnte go gcuirfidh na naíscoileanna seo le hearnáil na Gaelscolaíochta atá ag fás agus ag forbairt i dTuaisceart Éireann, ina mbíonn oideachas á chur ar níos mó ná 5,000 páiste trí mheán na Gaeilge go laethúil, agus soláthróidh siad deiseanna fostaíochta in earnáil na Gaeilge.

Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a lúcháir faoin bhfógra in iúl: “Léirítear sa taighde go mbaineann páistí ag aois an-óg tairbhe mhór as taithí a fháil ar an dara teanga. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeadh soláthar réamhscoile ar fáil do thuismitheoirí a bhfuil spéis acu tairbhí an dátheangachais a thabhairt dá gcuid páistí. Tá Foras na Gaeilge mórtasach as a chuid tacaíochta do na tionscadail nuálacha seo a bheidh ina n-oidhreacht bhuan den Ghaeloideachas ina bpobail.  Ní féidir dóthain béime a chur ar thábhacht soláthar luathbhlianta d’ardchaighdeán agus tá Foras na Gaeilge ag súil le bheith ag obair leis na coistí, tuismitheoirí agus comhaltaí foirne ar fad lena mbaineann chun a chinntiú go mbaintear na caighdeáin soláthair is airde amach i gcomhar le Comhairle na Gaelscolaíochta.”

Críoch

Eolas don Eagarthóir:

Maidir le Foras na Gaeilge

Is é Foras na Gaeilge an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Tá níos mó eolais le fáil ar www.forasnagaeilge.ie.

 

Faoin gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthair Naíscolaíochta & Cúram Leanaí

Bunaíodh an Ciste Infheistíochta chun Naíscoileanna a Bhunú in 2012 agus tá sé d’aidhm ag an gciste tionchar fadtéarmach a imirt trí thacú le forbairt an Ghaeloideachais i bpobail áitiúla. Go nuige seo, chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Naíscoil Cholmcille i mBaile na gCailleach, Contae Dhoire, Naíscoil Ghleann an Iolair i nDoire Theas, Naíscoil na Tamhnaí Móire i gContae Aontroma Theas agus Naíscoil an Chéide i gContae Ard Mhacha tríd an gciste seo.

Tá Naíscoil na Fíobha maoinithe faoin scéim Tacaíocht don Ghaelscolaíocht.

 

Tuilleadh Eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht agus Feasacht, Foras na Gaeilge

Guthán: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie