Folúntas: Oifigeach Cléireachais

Post buan mar Oifigeach Cléireachais le Foras na Gaeilge (Cearnóg Mhuirfean)

Oifigeach Cléireachais Tagairt: OCSSF/0416

Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

* Déanfar ceapachán amháin anois agus cuirfear painéal le chéile a líonfar folúntais ag an ngrád seo, as seo go ceann bliana ach acmhainn a bheith ann chuige sin.

FOIRM IARRATAIS & DEASCÁN EOLAIS
T: (00353) (01) 639 8412 R: poist@forasnagaeilge.ie
Nó is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó http://www.gaeilge.ie/foluntais nó scríobh chuig an seoladh thíosluaite agus an uimhir thagartha a lua.

SPRIOCDHÁTA
Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 1.00 i.n. Dé Máirt, 7 Meitheamh 2016.
Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.

Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.