Déagóirí

An-Leon-Bandraoi-Prios-Éadaigh

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh

Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis. Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain i rith an Darga Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an gcathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.

ISBN9781857918885   €8.50   Bog   Ceannach          Ábhar samplach

 

Haiku, más é do thoil é!

Gabriel Rosenstock / Brian Fitzgerald a mhaisigh

Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku. Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku. Ar an aos óg á an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.

ISBN 9781857919059     €7.50   Bog     96 lch     Ceannach  Ábhar samplach

Gluaiseacht

Alan Titley

Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.

ISBN 9781857917550     €7.50     Bog   Ceannach   Ábhar samplach

Dhá Chorp

Maolíosa Ní Chléirigh

Tagann tógálaithe ar dhá chorp faoi chláir urláir agus iad ag obair ar shiopa Uí Raghallaigh. An chuma ar an scéal go bhfuil siad ann le fada. Dúnmharú? Más ea, cé a rinne agus cathain? Tá mistéir mhór le réiteach agus roinnt daltaí scoile thar a bheith sásta an scéal a fhiosrú.

ISBN 9781857916201     €5.95     Bog     Ceannach   Ábhar samplach


 

Tá cur síos ar shaothair uile an Ghúim do dhéagóirí ar fáil sa chatalóg

Catalóg: Leabhair agus Ábhar eile do Dhaoine Óga  Cliceáil anseo