Is as an Mhullach Bán, i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí lena bhean Áine.
Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal, mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Lena chois sin, bhí sé ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina leas-phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011 agus ina Phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 2016.
I nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais amach.
Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar eagarthóir cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc. Ceapadh Edel ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Lúnasa 2017
Is as Baile Átha Cliath Shane Ó hEidhin. D’fhreastail sé ar Scoil Lorcáin, Baile na Manach agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair. Tá céim den chéad ghrád i gCúrsaí Gnó (Airgeadas & Gearmáinis) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aige agus MSc san Airgeadas Cainníochtúil ó Smurfit Business School.
Tá Shane cáilithe mar chuntasóir agus comhairleoir cánach gairmiúil (FCCA & AITI). Sular ceapadh Shane le Foras na Gaeilge, bhí breis is deich mbliana de thaithí aige mar bhainisteoir sinsearach le PwC áit ar chuir sé comhairle ar chuid de na comhlachtaí is mó le rá in Éirinn agus thar lear. Bhí deis aige freisin obair mar bhainisteoir le Microsoft (ar iasacht ó PwC) le linn na tréimhse sin. Tá Shane ag plé le gach gné de ghnóthaí chorparáideacha Fhoras na Gaeilge idir chúrsaí airgeadais, acmhainní daonna, cumarsáide agus teicneolaíochta.
Tá Breandán ag obair le Foras na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht in 1999, agus ag obair in Earnáil na Gaeilge ó 1994. Le linn a thréimhse le Foras na Gaeilge, agus roimhe sin le Bord na Gaeilge, bhí rogha leathan de róil ag Breandán. Ag tosú amach in ÁIS, an Áisíneacht Dáileachán Leabhar, bhí róil ag Breandán ag plé le Forbairt Gnó, Cumarsáid, Caidreamh leis na Meáin agus cúrsaí teicneolaíochta sular fhill sé ar ÁIS mar Chlárbhainisteoir in 2011, réimse ina raibh sé ag obair go dtí gur ceapadh é ina Stiúrthóir in 2021. Ina ról mar Stiúrthóir, beidh maoirseacht á déanamh ag Breandán ar fhorbairt agus ar fheidhmiú polasaithe agus straitéisí i réimsí na Forbartha Pobail agus Gnó, na Meán, na nEalaíon agus na hEarnála Poiblí. Ina theannta sin, beidh Aonad Pleanála Teanga Fhoras na Gaeilge agus Cholmcille faoina chúram chomh maith le bheith ina bhall d’fhoireann Ardbhainistíochta an Fhorais. Tá Breandán ag feidhmiú mar ionadaí an Fhorais ar Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Rialtas.