De thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar an 10 Iúil 2013, tá tús curtha le ré úr i bhforbairt na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ag fógairt, ar an 17 Eanáir 2014, na sé cheanneagraíocht a ghlacfaidh freagracht as sé mhór-réimse oibre.
Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008 le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar obair na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn bliantúil. Mar chuid de chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, bunaíodh dhá fhóram – An Fóram Comhpháirtíochta agus An Fóram Forbartha Teanga.
Beidh na ceanneagraíochtaí thíosluaite freagrach as na réimsí seo a leanas agus beidh siad ag obair lena gcur chun cinn ar fud an oileáin.
Ceanneagraíocht | Mór-réimse Oibre |
Gaeloideachas | Gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge |
Gael Linn | Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile |
Glór na nGael | Forbairt pobail agus eacnamaíochta |
Oireachtas na Gaeilge | Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán do dhaoine fásta |
Conradh na Gaeilge | Ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit) |
Cumann na bhFiann | Forbairt deiseanna úsáide Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga |