Funding Schemes

Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

SCÉIM NA gCAMPAÍ SAMHRAIDH 2024

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois):

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach campaí cónaithe iad;
  • a mhairfidh 5 lá;
  • a mhairfidh ar a laghad 4.5 uair an chloig gach lá;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 24 Meitheamh agus an 30 Lúnasa 2024.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá suite i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht rialtais.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le Foras na Gaeilge roimh an spriocdhátaardaoin, 28ú Márta 2024 ag 5.00pm.

Foirm Iarratais & Cáipéisí:

Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

Treoirlínte Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

Téarmaí agus Coiníolacha_Gaeilge

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Scéim Tionscadal Colmcille B

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí Scéim Tionscadal Colmcille le cuidiú le hiarratasóirí caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann, agus le Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo.

Ba cheart iarratais do thionscadail a thosóidh i 2023 agus a chríochnóidh i 2024 a dhéanamh faoi

Scéim Tionscadal Colmcille B. Spriocdháta 28 Meán Fómhair 2023.

Ba cheart iarratais do thionscadail in 2024 a dhéanamh faoi

Scéim Tionscadal Colmcille A (Glaoch 1). Spriocdháta 20 Deireadh Fómhair 2023.

Scéim Tionscadal Colmcille A – 2024

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí Scéim Tionscadal Colmcille le cuidiú le hiarratasóirí caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann, agus le Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo.

Ba cheart iarratais do thionscadail a thosóidh i 2023 agus a chríochnóidh i 2024 a dhéanamh faoi Scéim Tionscadal Colmcille B. Spriocdháta 28 Meán Fómhair 2023.

Ba cheart iarratais do thionscadail in 2024 a dhéanamh faoi Scéim Tionscadal Colmcille A (Glaoch 1). Spriocdháta 20 Deireadh Fómhair 2023.

Scéim Tacaíochta Fuinnimh

Tá ciste fógartha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht éigeandála aon-uaire a chur ar fáil d’eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chostais fuinnimh le bliain anuas.

An Ciste Tionscadal 2023

An Ciste Tionscadal 2023, Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge.