Grúpaí le Gaeilge 2018

[countdown id="1497540188" format="dHM" serverSync="true" alwaysExpire="false" compact="false" tickInterval="1" counter="until" template="default" until="12,1,2017,12,00" cLabels="Years,Months,Weeks,Lá,Uair,Nóim,Seconds" cLabels1="Year,Month,Week,Lá,Uair,Nóim,Second"]

Tacaíonn an scéim seo le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge.

Spriocdháta: 1 Nollaig, Meánlae 

Coinníollacha na scéime

An grúpa

  • Is coiste pobail an grúpa atá ag déanamh an iarratais. Caithfidh ainm an ghrúpa a bheith ag teacht le hainm chuntas bainc an ghrúpa. Níl eagrais reachtúla, údaráis áitiúla nó deontaithe reatha de chuid Fhoras na Gaeilge incháilithe le cur isteach ar an scéim seo. Beidh cóip de ráiteas bainc reatha an choiste ag teastáil.
  • Tá ar a laghad cúigear sa ghrúpa.
  • An Ghaeilge atá mar mheán cumarsáide ag an ngrúpa, ach is gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis seachas an Ghaeilge féin atá beartaithe ag an ngrúpa sa chlár gníomhaíochtaí.

An clár gníomhaíochtaí

  • Tá clár gníomhaíochtaí neamhbhrabúsach do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois beartaithe ag an ngrúpa.
  • Tacaíonn an clár gníomhaíochtaí le bunaidhm na scéime (féach thuas).

Tuilleadh eolais/Foirm iarratais ar líne