Imní Fhoras na Gaeilge maidir le moill ar fhaomhadh pleananna curtha in iúl do na Ranna Urraíochta

Tá imní Fhoras na Gaeilge faoin moill as cuimse ar threoir maidir le hullmhú Phlean Gnó 2017 agus Phlean Corparáideach 2017-19 curtha in iúl do na húdaráis chuí sna ranna ó thuaidh agus ó dheas. Ní hamháin go bhfuil moill ar an treoir féin, ach níl buiséad ná ráta malairte curtha in iúl ag na ranna, rud a fhágann nach bhfuil ar chumas Fhoras na Gaeilge pleananna iomlána de réir an dea-chleachtais is fearr i mbainistiú eagraíochta a dhréachtú gan na figiúirí riachtanacha seo.

Dúirt Cathaoirleach Feidhmeach Fhoras na Gaeilge, Marcas Mac Ruairí, inniu, “I mblianta eile bhíodh an treoir geallta le bheith ag teacht ó na Ranna Airgeadais trí na Ranna Urraíochta faoi dheireadh mhí Lúnasa (cé nár cloíodh leis sin i gcónaí ach oiread). Ar ndóigh táimid i mí na Samhna 2016 anois agus gan aon radharc ar an treoir nó aon eolas ábhartha eile, agus is i mí Eanáir 2017 atá tús le cur le feidhmiú an dá phlean. Mura bhfaomhtar na pleananna seo roimh an 31 Nollaig 2016 tá baol soiléir ann don bhuiséad mar a léiríonn an plé a bhí sa Tionól ó thuaidh cheana faoin cheist. D’fhéadfadh riosca tromchúiseach a bheith ann maidir le poist in earnáil na Gaeilge dá bharr seo. Go dtí go n-aontófar buiséad agus Plean Gnó 2017 agus ní bheidh sé de chumas ag Foras na Gaeilge tuarastal a íoc:

 

  • lena fhoireann féin,
  • le foireann sna Ceanneagraíochtaí,
  • le foireann i scéimeanna áirithe dár gcuid (an Scéim Pobal Gaeilge agus Scéim na gComplachtaí Drámaíochta, mar shampla),
  • leo siúd a fhostaítear trí dheiseanna eile a bhaineann le scéimeanna eile dár gcuid (Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim na nImeachtaí Óige etc.).

Má ligtear do seo tarlú beidh an Ghaeilge thíos leis.”

 

Tá iarrtha ag Foras na Gaeilge ar na Ranna Urraíochta agus ar na Ranna Airgeadais aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí seo ar bhonn práinne.