Léamh Filíochta Focail Eile ar an 13 Iúil

Reáchtálfar Léamh Filíochta i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, ar an 13 Iúil ag 12.45 p.m.

Triúr scríbhneoirí, Cvetka Bevc, ón tSlóivéin,  Réaltán Ní Leannáin agus Áine Ní Ghlinn, a bheas ag léamh sleachta óna gcuid saothar i nGaeilge agus sa tSlóivéinis. Léifidh Áine Ní Ghlinn leagan Gaeilge de dhánta Cvetka, atá aistrithe aici go Gaeilge.

Tá an t-údar Cvetka Bevc roghnaithe ag Cumann Ealaíne Comhaimseartha X-OP sa tSlóivéin le haghaidh na cónaitheachta liteartha Focail Eile in Éirinn.

Is í Réaltán Ní Leannáin an chéad scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal Focail Eile. Tá tréimhse chónaithe déanta aici i Leeuwarden, san Isiltír.

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn, a bhfuil dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.

Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha ar fud na hEorpa agus é mar aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh.

Tuilleadh eolais ar www.focaileile.iewww.otherwordsliterature.eu

 

Coim Eor                  Focail eile