Luach €500,000 de dheontais faofa & Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge

 Ag cruinniú de chuid Fhoras na Gaeilge ar an 23 Meitheamh 2017, ceadaíodh luach níos mó ná €500,000 de dheontais i réimse na hóige, na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta.

Ceadaíodh deontais dar luach €345,401 do Scéim na nImeachtaí Óige 2017/18, a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad 12 sheisiún a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois taobh amuigh den scoil. Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge go mbronnfar deontais ar 86 dheontaí, níos mó ná dhá oiread na ndeontaithe a fuair maoiniú in 2016 faoin scéim chéanna. Meastar go mbeidh deis ag nach mór 4,000 páiste a bheith rannpháirteach sna himeachtaí. Agus é ag caint ar na cinntí a ceadaíodh ag cruinniú an Mheithimh, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, gur údar sástachta dó féin Foras na Gaeilge a bheith ábalta méadú a dhéanamh sna deontais a ceadaíodh sa réimse seo.

I réimse na foilsitheoireachta ceadaíodh luach €131,430 de choimisiúnaithe faoi Scéim na gCoimisiún 2017 le tacú le lucht liteartha na Gaeilge freastal ar an éileamh sna réimsí éagsúla léitheoireachta. Chomh maith leis sin, bronnfar €32,500 ar ábhar scríbhneoirí agus ar mheantóirí faoi Scéim Meantóireachta 2017. Tugann an scéim seo deis do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta.

D’fháiltigh bord Fhoras na Gaeilge roimh an bhfógra go bhfuil Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge. Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ba mhaith liom a ceapachán a thréaslú le Edel agus tá mé féin agus an fhoireann ag súil go mór le bheith ag obair léi ina ról nua. Is post ríthábhachtach é an post seo, agus cé go mbeidh Edel lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, beidh cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn ama atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de. Beidh Edel ag tabhairt réimse scileanna agus taithí léi isteach sa phost ó na tréimhsí atá caite aici mar mhúinteoir agus mar riarthóir i réimse an oideachais.”

Rachaidh Edel i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge in oifigí Bhéal Feirste i lár mhí Lúnasa.

Críoch

Nóta don Eagarthóir

  1. Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

I nGarastún i gCo. Fhear Manach, a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin  Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

  1. Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge

Tá Scéim Miondeontas Cholmcille, Scéim na dTionscadal Litríochta 2018 agus Scéim na Foilsitheoireachta 2018 fógartha ag Foras na Gaeilge agus tá gach eolas ar fáil anseo.

Fógrófar tuilleadh scéimeanna maoinithe i bhfómhar 2017.

Tuilleadh eolais:

 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie