Luach leathmhilliún de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge do thionscadail nuálacha óige, pobail & CLG

22 Meitheamh 2018

 

Ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu, ceadaíodh luach €522,077/£469,870 de dheontais i réimsí na hóige, an oideachais agus an phobail.

Ceadaíodh mórshuim dar luach €334,855 do Scéim na nImeachtaí Óige 2018/19, a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad 12 sheisiún a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois taobh amuigh den scoil. Bronnfar deontais (uasmhéid de €4,063/£3,337) ar 85 dheontaí in 25 chontae ó thuaidh agus ó dheas faoin scéim seo.

Ceadaíodh deontas dar luach £73,000 do Chúram Leanaí Bheann Mhadagáin atá ag feidhmiú mar bhunchloch an Ghaeloideachais in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste ó 2016, ceantar ina bhfuil  Gaeilge ag 23% den phobal de réir daonáireamh 2011. Is tríd an gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthair Réamhscolaíochta agus Cúram Leanaí 2018 a chuirfear an deontas ar fáil le tacú le forbairt an Ghaeloideachais agus na fostaíochta trí Ghaeilge trí chúram lae d’ardchaighdeán a chur ar fáil.

Ceadaíodh páirtmhaoiniú dar luach £75,000 do Chomhairle Uladh Cumann Lúthchleas Gael, a bhfuil sé mar aidhm aige clár gníomhaíochta don Ghaeilge a chur i bhfeidhm idir 2018 agus 2020. Cuirfidh an deontas ar chumas CLG Uladh díriú ar spriocghrúpaí éagsúla le húsáid na Gaeilge ina measc siúd a neartú trí oiliúint, áiseanna nua agus deiseanna úsáide sna clubanna.

Mar chuid de Scéim Deontas Cholmcille, ceadaíodh deontas dar luach £10,000 do Choiste Forbartha Charn Tóchair le hIomáin Cholmcille 2018 a reáchtáil. Tá Iomáin Cholmcille ar an tionscadal lán-Ghaeilge agus Ghaeilge na hAlban is mó a tharlaíonn ar bhonn bliantúil le deontas ó Cholmcille. Féile agus comórtas atá ann a bhaineann le traidisiún na hiomána in Éirinn agus in Albain, a mbíonn fir, mná agus daoine óga ón dá thír páirteach. Ceadaíodh £10,500 do Chlub Óige Lúraigh le freastal ar Fhèis Eilean an Fhraoich i Leòdhas le linn an tsamhraidh. Tabharfaidh an deontas deis do 25 déagóir agus oibrithe óige as Co. Dhoire dul go hEilean Leòdhais, turas a chuirfidh go mór le feasacht an ghrúpa ar Ghaeilge na hAlban agus a dhaingneoidh an gaol idir iad agus lucht a gcomhaoise in Albain.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Le tamall de bhlianta tá Foras na Gaeilge ag cur leis an chomhpháirtíocht atá againn le Cumann Lúthchleas Gael, agus is cúis áthais dom go bhfuil tús curtha le togra nua anois le Comhairle Uladh a chuirfidh go mór le húsáid na Gaeilge i measc lucht CLG. Táimid an-tógtha faoin tionscadal Cúram Leanaí i mBéal Feirste, a chuirfidh go mór le húsáid na Gaeilge ag leibhéal an phobail.  Seo an chéaduair atá infheistíocht déanta againn i dtogra cúram leanaí mar seo. Léiríonn an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag grúpaí deonacha uile ar ceadaíodh deontais dóibh inniu, na féidearthachtaí maidir le forbairt na Gaeilge i measc gach aoisghrúpa.  Guímid gach rath ar na deontaithe uilig leis na tionscadail spreagúla seo.”

Críoch

Nóta don eagarthóir:

Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge

Tá gach eolas maidir leis na scéimeanna maoinithe thíos atá ar oscailt faoi láthair ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna:

  • Scéim na Foilsitheoireachta 2019
  • Scéim na dTionscadal Litríochta 2019
  • Scéim Deontas Cholmcille 2018
  • Scéim Miondeontas Cholmcille
  • An Scéim Tacaíochta Gnó 2018

 

Tuilleadh eolais:

 Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie