Lúcháir ar Fhoras na Gaeilge faoi €1M de mhaoiniú breise atá ceadaithe ag an Aire Stáit Seán Kyne T.D.

Tá fáilte curtha ag Foras na Gaeilge roimh an bhfógra a eisíodh ar maidin go bhfuil maoiniú breise le cur ar fáil do thionscadail a bheidh le cur i gcrích roimh dheireadh 2016 agus go bhfuil allúntas breise €750,000 á chur le buiséad Fhoras na Gaeilge in 2017.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn go bhfuil €260,000 curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge le tacú le tograí a bheidh á gcur i gcrích roimh dheireadh na bliana. I measc na dtograí a dtacófar leo beidh Pacáiste Tacaíochta do Scéim Phíolótach Tacaíochta do theaghlaigh Ghaelscolaíochta, a thacóidh le teaghlaigh an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga tí.

Ag fáilitiú roimh an maoiniú breise €750,000 atá ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do 2017 dúirt Ó Coinn, “Táimid le fada ag fanacht ar an lá a thiocfadh deireadh le ciorruithe agus is faoiseamh mór dúinn maoiniú breise a bheith ar fáil dúinn le linn 2017. Is mór againn an tiomantas atá léirithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D agus ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., trí mhaoiniú breise a aimsiú le aghaidh acmhainní chun freastal ar an éileamh ón phobal ag am nuair atá buiséid rialtais go mór faoi bhrú ó fhoinsí éagsúla. Táimid cinnte go bhfáilteoidh na Ceanneagraíochtaí Gaeilge, a rinne cás leanúnach go gcuirfí le buiséad Fhoras na Gaeilge le tamall anuas, roimh fhógra an lae inniu.”

Ag labhairt faoi na pleananna don mhaoiniú breise atá curtha ar fáil do 2017, dúirt Ó Coinn gur “scéal dearfach agus scéal úr” é seo d’Fhoras na Gaeilge agus go mbeidh“tosaíochtaí an mhaoinithe á bplé ag an ardbhainistíocht agus ag an gcathaoirleach nua, Pól Ó Gallchóir, le bord nua Fhoras na Gaeilge go luath in 2017.”

 

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie