Moladh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge maidir le ceapadh Príomhfheidhmeannaigh

Seán Ó Coinn.jpeg

Pléadh ceapachán Phríomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge ag cruinniú de chuid bhord Fhoras na Gaeilge inniu. Tá toradh an phróisis agallaimh faofa ag an mbord agus cuirfear Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach reatha agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, chun tosaigh le bheith faofa ag CATT.

Beidh an ceapachán faoi réir fhaomhadh CATT agus cúrsaí conartha a bheith comhaontaithe.