Comhairliúchán

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ AR ÁR bPLEAN CORPARÁIDEACH 2023-2025

Eolas nuashonraithe faoin bPróiseas Comhairliúcháin reatha ar fáil anseo: https://www.forasnagaeilge.ie/comhairliuchan-poibli-ar-ar-bplean-corparaideach-2023-2025/

.

Comhairliúchán ar chomharba na Scéime Pobal Gaeilge

Is féidir aighneachtaí comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost nó tríd an bpost chuig an gcomhordaitheoir freagairtí le bheith faighte faoin 17 Iúil 2020 ar 1 a chlog tráthnóna.

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar chomharba na Scéime Pobal Gaeilge a fhógairt.

Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir leis na moltaí do chomharba na scéime agus tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo:

Comhairliúchán ar Chomharba SPG

Achoimre ar Aighneachtaí faoin SPG

Síneadh ama curtha leis an gComhairliúchán ar Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025.

NÓTA TÁBHACHTACH: Tá síneadh ama á chur leis an bpróiseas comhairliúcháin ar Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025.

Dé hAoine 31 Eanáir 2020 an spriocdháta nua a bheidh ann le haghaidh freagairtí (seachas 24 Nollaig 2019 mar a bhí luaite roimhe seo).

Ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil maidir leis an ndréacht den Treo. Moltar an dá cháipéis seo a léamh i dteannta a chéile. Tá cóip den dréacht den Treo Straitéiseach féin agus den Doiciméad Comhairliúcháin a bheidh mar uirlis le haiseolas a éascú ar fáil anseo:

Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025 Dréacht

UPDATED Consultation Document – Strategic Direction 2020-2025

Comhairliúchán ar Earnáil na Meán

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar thionscnaimh mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, i dtaobh earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne don tréimhse Eanáir 2020 ar aghaidh, a fhógairt.

Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir leis na moltaí ag eascairt as an athbhreithniú agus tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo:

Consultation of the Irish langauge media sector

Tuairisc ar chomhairliúchain poiblí ar earnail na meain Gaeilge

Athbhreithniú ar Mhaoiniú d’Ionaid Ghaeilge 

Reáchtáil Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin idir mí Aibreán agus mí an Mheithimh 2017 le tuairimí a lorg faoin mbealach is fearr chun tacaíocht a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin.

Tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo.

Tá tuairisc iomlán agus anailís ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil anseo.

Scéim na nOifigeach Gaeilge

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar Scéim na nOifigeach Gaeilge a fhógairt.

Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir le todhchaí Scéim na nOifigeach Gaeilge sa rialtas áitiúil i dTuaisceart Éireann.

Scéim na nOifigeach Gaeilge – Doiciméad Comhairliúcháin_eng

Tá tuairisc iomlán agus anailís ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil anseo.