Os cionn €5 milliún de dheontais faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas dar luach €5,405,000 ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne inniu.

Ag fáiltiú roimh chinneadh an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orainn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2018 agus clúdaíonn an maoiniú réimse leathan deontas lena n-áirítear buiséid na gCeanneagraíochtaí Gaeilge, ar ceadaíodh €4,646,547 dóibh. Tá na deontais a faomhadh inniu ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2018; tá dearbhú tugtha ag na ranna go gcuirfear maoiniú ar fáil don fhoras trasteorann lena dhualgais reachtúla mhaoinithe a chomhlíonadh in 2018.”

Anuas ar dheontais na gCeanneagraíochtaí ceadaíodh deontais do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge (£272,486), do Ghael Linn don tionscadal Gaelbhratach (€120,000), agus d’earnáil na meán Gaeilge trí Rua Media (NÓS) (£68,700), Comhar Teo (€120,000) agus Tuairisc.ie (€126,285).

D’fhaomh Bord Fhoras na Gaeilge an Scéim Maoinithe don Dá Chultúrlann Ó Thuaidh 2018-2020, a chuirfidh deis mhaoinithe ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus do Chultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire ó Eanáir 2018 go Nollaig 2020. Cuirfear ciste suas le £672,000 de bhuiséad iomlán ar fáil tríd an scéim seo thar thréimhse trí bliana; buiséad bliantúil dar luach £222,400.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh béim a chur ar fhorbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail, agus ar an chomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile sa phobal, rud atá ríthábhachtach le dul i bhfeidhm ar an phobal.  Tugann scéimeanna uile Fhoras na Gaeilge deiseanna don phobal an Ghaeilge a chothú agus a bhuanú agus tá gach eolas faoi scéimeanna sna réimsí éagsúla, chomh maith lenár gcéad scéim ar líne, Grúpaí le Gaeilge, ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge”.

 

*Críoch*

Nóta don Eagarthóir:

Miondealú ar na deontais a ceadaíodh ag cruinniú boird Fhoras na Gaeilge, an 3 Samhain:

Glór na nGael

€1,087,615

Conradh na Gaeilge

€832,457

Oireachtas na Gaeilge

€622,594

Gael Linn

€650,183

Gaeloideachas

€708,562

Cumann na bhFiann

€745,136

   

An tÁisaonad

£272,486

Gael Linn (Gaelbhrathach)

€120,000

   

Rua Media (NÓS)

£68,700

Comhar Teo. (COMHAR)

€120,000

Tuairisc (www.tuairisc.ie)

€126,285

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie