Os cionn €6M de dheontais faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas dar luach €6,294,502 ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu. Ba é cruinniú an lae inniu an chéad chruinniú a bhí ag Seán Ó Coinn mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus an cruinniú deireanach a bhí ag roinnt comhaltaí boird, a dtiocfaidh deireadh lena dtréimhsí ar Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 12 Nollaig 2016.

Ag fáiltiú roimh chinneadh an bhoird inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orainn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2017 agus clúdaíonn an maoiniú réimse leathan deontas lena n-áirítear buiséid na gCeanneagraíochtaí Gaeilge, ar ceadaíodh €4,637,547 dóibh. Tá na deontais a faomhadh inniu ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2017; tá dearbhú tugtha ag na ranna go gcuirfear maoiniú ar fáil don fhoras trasteorann lena dhualgais reachtúla maoinithe a chomhlíonadh in 2017”.

Anuas ar dheontais na gCeanneagraíochtaí ceadaíodh deontais do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge  (£272,486), do Ghael Linn don tionscadal Gaelbhratach (€120,000), Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste (£99,302), Gaeláras Uí Chanáin i nDoire (£122,400), Scéim Deontas Colmcille (£37,402), Scéim na dTionscadal Litríochta (€112,360) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€665,181).

Ag cruinniú an lae inniu, ghabh Seán Ó Coinn buíochas leis an gCathaoirleach Feidhmeach, Marcas Mac Ruairí, a bhfuil breis agus naoi mbliana tugtha aige don bhord, agus leis na comhaltaí boird a mbeidh deireadh ag teacht lena dtréimhse ar an 12 Nollaig 2016. D’fháiltigh Ó Coinn roimh an gcinneadh atá déánta ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas ceapacháin nua a dhéanamh ar Bhord nua Fhoras na Gaeilge, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ina measc. Dúirt Ó Coinn go bhfuil sé “ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an Chathaoirleach agus leis na comhaltaí nua sna seachtainí amach romhainn le fís agus le tosaíochtaí Fhoras na Gaeilge a fhorbairt.”

Cuirfear tús le tréimhse an Chathaoirligh agus na gcomhaltaí nua ar an 13 Nollaig 2016 agus cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoi na ceapacháin ar www.forasnagaeilge.ie go luath. 

 

 

Tuilleadh eolais:

 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie