Gnó Means Business

Gno Means Business_Lógó_BEAG

Cad é ‘Gnó Means Business’?

Fáilte go dtí an rannóg nua seo ina bhfuil aird faoi leith tugtha ar fheidhm agus ar úsáid na Gaeilge ar bhonn gnó. Is í aidhm na rannóige seo ná lárfhoinse eolais a sholáthar do pháirtithe gaolmhara ar mian leo leas a bhaint as an nGaeilge mar uirlis ghnó inúsáidte agus éifeachtach.

bainne_úr

Tá Foras na Gaeilge tiomanta chun tacú leis an Lucht Gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an Ghaeilge a iniúchadh agus a fhorbairt agus chuige sin cuirtear maoiniú meaitseála suas go huasmhéid €3,000/£2,200 ar fáil trínár Scéim Tacaíochta Gnó.

An bhfuil deiseanna eile ann do mo ghnó?

Éadan_Siopa_Dubh_Bán_LógóTá gaol láidir forbartha ag Foras na Gaeilge le blianta beaga anuas le páirtíochtaí-straitéiseacha ón earnáil ghnó agus ba mhór ár mbród bheith mar urraitheoir agus mar phríomhurraí ag An Barr-Chaoga, Gradaim na Fógraíochta Teilifíse Gaeilge le TG4All-Ireland Marketing Awards le hInstitiúid Margaíochta na hÉireann, C-Store Awards le ShelfLife.

Séala Creidiúna Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Tá séala nua creidiúna do chomhlachtaí a fheidhmíonn ar bhonn dátheangach forbartha ag Foras na Gaeilge don bhliain 2016 feasta. Tá an marc deimhniúcháin, Q-Mharc Gnó le Gaeilge, cláraithe sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann le hOifigí na bPaitinní folláinagus é dírithe ar aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí a chuimsíonn an dátheangachas i gcomhthéacs gnó. Is féidir níos mó eolais a fháil ag www.qmharc.ie.

Sain-áiseanna Tacaíochta don Earnáil Ghnó

Soláthraíonn Foras na Gaeilge réimse leathan d’áiseanna tacaíochta ginearálta d’infheictheacht na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó atá ar fáil as a chéile nó mar phacáiste iomlán amháin.

s féidir iad a ordú tríd an chóras féin-ordaithe ar-líne nó trí ghlaoch agus seoltar amach sa phost chugat iad. Brúigh anseo le haghaidh liosta de na háiseanna a fheiceáil.

Féach fosta cnuasach de threoirleabhráin leictreonacha iníoslódáilte atá ábhartha d’úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs gnó.

Comhpháirtíocht Straitéiseach

Tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha cruthaithe ag Foras na Gaeilge chun tacaíocht bhreise a sholáthar do pháirtithe na hearnála gnó trí urraíocht/mhaoiniú a dhéanamh ar ócáidí/ar ghníomhaíochtaí leasmhara atá ar siúl san earnáil ghnó phríobháideach ach go háirithe. I measc na dtionscnamh is mó a reáchtáladh, tá:

home_blank

Gradaim Margaíochta na hÉireann

Tá Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtí Gaeilge ar an ócáid seo atá eagraithe ag Institiúid Margaíochta na hÉireann. Aithníonn na Gradaim seo sárchleachtas in earnáil na margaíochta ar fud na tíre. Áirítear mar chuid den ócáid seo an chatagóir ‘Gradam Margaíochta le Gaeilge’ atá urraithe ag Foras na Gaeilge.

Cliceáil anseo le haghaidh gearrliosta agus buaiteoir 2021 le feiceáil agus anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin ngradam.

Páirc Tayto

Chuir Foras na Gaeilge tionscadal dátheangach nuálach i bhfeidhm i gcomhar le Páirc Tayto sa bhliain 2016. Mar chuid den tionscadal seo, cuireadh:

  • Bróisiúr dátheangach maidir le turais scoile i gcló agus scaipeadh na bróisiúir ar gach bunscoil sa tír
  • Turais scoile trí mheán na Gaeilge ar fáil i bPáirc Tayto
  • Comharthaíocht dhátheangach in airde ar an gCóstóir Chú Chulainn (an cóstóir adhmaid is mó san Eoraip)

Chuir an tionscadal seo go mór leis an mórsprioc atá ag an bhfeachtas “Gnó Means Business”; an Ghaeilge a normalú agus a chur chun cinn i measc na hearnála gnó mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht luachmhar seo idir Foras na Gaeilge agus Páirc Tayto.

Gradaim CStore

Ba é Foras na Gaeilge príomhpháirtí Gaeilge an chomórtais C-Store Awards a d’eagraigh an tsainiris do stórais mhiondíola ShelfLife in 2015. Sa chatagóir Sárchleachtas na Gaeilge sa Timpeallacht Mhiondíola tugadh aitheantas don siopa ba mhó a d’úsáid Gaeilge laistigh de shiopa margaíochta miondíola.

Cliceáil anseo chun buaiteoir 2015 a fheiceáil.

Tacaíocht eile don Earnáil Ghnó Phríobháideach

Sainchomhairleoireacht agus tacaíocht mhaoinithe, nuair is cuí sin, a chur ar fáil do pháirtithe uile na hEarnála Gnó Príobháidí do ghníomhaíochtaí agus forbairtí a dhéanfaidh an Ghaeilge a normalú san earnáil.

Lean Gnó Means Business ar na meáin shóisialta