Ré nua agus Foras na Gaeilge ag bogadh chuig ceannáras nua ar Shráid Amiens

Beidh Foras na Gaeilge ag bogadh chuig ceannáras nua i mBaile Átha Cliath ar an 29 Meán Fómhair. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceangal fada ag foireann Fhoras na Gaeilge leis an teach Seoirseach seo ar Chearnóg Mhuirfean agus tá cuid den fhoireann lonnaithe anseo ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, níos faide siar fiú mar bhaill foirne de Bhord na Gaeilge a bhog anseo in 1981. Agus ar ndóigh tá pobal na Gaeilge ag úsáid na n-oifigí ó shin i leith, rud a fhágann go bhfuilimid ag fágáil stair fhada inár ndiaidh. Ach tá ceannáras nua ar ardchaighdeán aimsithe againn a oireann dár riachtanais, atá go síoraí ag méadú mar a fhásann Foras na Gaeilge. Leagadh sprioc uaillmhianach amach don athlonnú seo agus rinne an fhoireann éacht le hí a bhaint amach. Is cúis áthais dom go mbeidh foireann uile Bhaile Átha Cliath lonnaithe in aon ionad amháin agus go mbeidh an spás agus na hacmhainní cuí againn do bhaill foirne ó oifigí eile Fhoras na Gaeilge a bheidh ag teacht ar cuairt. Tá súil agam mar an gcéanna, mar a rinneadh le 7 Cearnóg Mhuirfean, go n-aithneoidh pobal na Gaeilge gur leosan an foirgneamh nua ar Shráid Amiens agus go gcuirfear tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair leis an athlonnú. Tá borradh faoin Ghaeilge faoi láthair thuaidh agus theas agus, agus beidh anois baile seasmhach ag Foras an Gaeilge le tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh sé tráthúil go mbeidh an ceannáras á nochtadh againn don phobal ag tús na bliana úire, Bliain na Gaeilge 2018.”

Dúirt Clárbhainisteoir Cumarsáide, Margaíochta & Feasachta Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt “Tá sé mar aidhm ag foireann Bhaile Átha Cliath a bheith bogtha isteach san oifig nua ar an Luan an 2 Deireadh Fómhair. Ní thiocfaidh aon athrú ar uimhir ghutháin Fhoras na Gaeilge agus beidh teacht orainn i gcónaí ar (01) 639 8400 ach beidh gach comhfhreagras poist d’oifig Bhaile Átha Cliath le seoladh chuig 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 feasta. Ba mhór againn foighne an phobail agus muid ag socrú isteach sa cheannáras nua sna seachtainí amach romhainn.”

Dúnfar oifig Bhaile Átha Cliath go sealadach ar an 29 Meán Fómhair leis an athlonnú a éascú agus beifear ag feidhmiú ó oifigí nua in 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, ón Luan, an 2 Deireadh Fómhair. Sa chás go bhfuil ceist phráinneach agat d’oifig Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse seo, is féidir glaoch ar oifig Bhéal Feirste ar 028 (048) 90890970 agus cuirfear do theachtaireacht ar aghaidh.

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie