Scéim na nImeachtaí Óige 2017
13
Aib
Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do shraith d’Imeachtaí Óige (ar a laghad 12 sheisiún i ngach sraith) oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois) taobh amuigh den Ghaeltacht:
Léigh níos mó
- a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
- nach imeachtaí cónaithe iad;
- a bheidh á reáchtáil idir an 1 Meán Fómhair 2017 agus an 30 Meitheamh 2018;
- nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad
Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.
Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.
Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht Rialtais.
Foirm Iarratais -Scéim na nImeachtaí Óige 2017_18
Scéim na nImeachtaí Óige Treoirlínte Gaeilge 2017_18
Má tá aon cheist agus faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta, 12.00 p.m., Déardaoin an 13 Aibreán 2017.