Scéim na nOifigeach Gaeilge & Scéim na Scoláireachtaí 2018 faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas dar luach £179,098 do Scéim na nOifigeach Gaeilge ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu. Trí Scéim na nOifigeach Gaeilge, cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla ó thuaidh le deis a thabhairt dóibh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le tacú leo forbairt a dhéanamh ar chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge. Déanfaidh Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar phoist Oifigeach Gaeilge sna comhairlí seo a leanas thar thréimhse 3 bliana na scéime:

  • Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £44,774.50 mar chómhaoiniú ar phost mar Oifigeach Gaeilge.
  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £44,774.50 mar chómhaoiniú ar phost mar Oifigeach Gaeilge.
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach & na hÓmaí: £89,549 mar chómhaoiniú ar dhá phost mar Oifigeach Gaeilge.

I measc na seirbhísí a cuireadh ar fáil tríd an scéim seo ó 2006 tá; clár oiliúna theagasc na Gaeilge d’oibrithe na gcomhairlí, clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe na gcomhairlí agus don phobal a bhíonn ag éileamh seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánach.  Ag fáiltiú roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Leanann an cinneadh a rinne Bord Fhoras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge i mí Aibreáin agus Bealtaine 2017 ar mhaithe le tuairimí a chloisteáil faoi thodhchaí Scéim na nOifigeach Gaeilge sa rialtas áitiúil ó thuaidh. Is léir dúinn go mbíonn tionchar láidir ag Oifigeach Gaeilge i gceantar na comhairle agus tá lúchair orainn go mbeidh níos mó deiseanna forbartha ag an Ghaeilge i limistéar na gcomhairlí áitiúla seo.”

Anuas ar Scéim na nOifigeach Gaeilge, tá ceithre dheontas ar luach €80,524 ina n-iomláine, ceadaithe ag Bord Fhoras na Gaeilge do Scéim na Scoláireachtaí 2018. Bronnfar na deontais ar thrí cheanneagraíocht;  Conradh na Gaeilge (€35,100), Gael Linn (€24,864) agus Cumann na bhFiann (€10,560), chomh maith le Cumann an Phiarsaigh (€10,000), le deis a thabhairt do dhaoine óga, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn 2018.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá áthas orainn deontais Scéim na Scoláireachtaí 2018 a fhógairt inniu mar go dtugann an scéim thábhachtach seo deis luachmhar d’fhoghlaimeoirí óga ó thuaidh freastal ar chúrsa Gaeltachta, iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste go háirithe. Is eispéireas fíordhearfach é an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht do scoláirí óga, eispéireas a leagann bunchloch agus iad ag fhoghlaim na Gaeilge mar phróiseas fadsaoil ina dhiaidh. Is mór againn go bhfuil ar ár gcumas an próiseas seo a éascú don fhoghlaimeoir.”

Críoch

Nóta don Eagarthóir

Faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge

Sa bhliain 2006 bhunaigh Foras na Gaeilge Scéim na nOifigeach Gaeilge do Chomhairlí i dTuaisceart Éireann, bunaithe ar a mhacasamhail de scéim a bhí i bhfeidhm ó dheas faoi Bhord na Gaeilge ó lár na nóchaidí. Faoin scéim seo, cuireadh cómhaoiniú ar fáil le haghaidh tuarastal oifigeach Gaeilge go ceann trí bliana, i gcomhar leis na comhairlí áitiúla ar choinníoll go n-ullmhófaí plean gníomhaíochta don chomhairle i gcomhar le Foras na Gaeilge. D’éirigh leis na comhairlí seo a leanas cómhaoiniú a bhaint amach faoin scéim 2007 – 2010:

  • Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta & Comhairle Buirg Léim an Mhadaidh
  • Comhairle Buirg Dhún Geanainn & Thír Eoghain Theas agus Comhairle Ceantair na Corra Críocha
  • Comhairle Cathrach Dhoire.

Fógraíodh an dara scéim don tréimhse 2010 – 2013 agus ina dhiaidh sin don tréimhse 2013 – 2016. Is iad na cúig chomhairle chéanna a bhí ag feidhmiú faoin scéim go dtí gur athraíodh teorainneacha na gcomhairlí faoin Athbhreithniú ar Riarachán Poiblí ó thuaidh. 

Faoi Scéim na Scoláireachtaí 2018

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16: Dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin.

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Cumann na bhFiann

Daoine fásta: Dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas  

Gael Linn

Teaghlaigh: Dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas  

Cumann an Phiarsaigh

Chuaigh Scéim na Scoláireachtaí 2017 chun tairbhe 576 fhoghlaimeoir; 504 dhuine óg, 17 nduine fhásta agus 15 theaghlach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann agus Cumann an Phiarsaigh maidir leis na scoláireachtaí.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teagmháil: 0035387 673 6175 | Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie