Seoladh Aip an Fhoclóra Nua

Ag mórócáid san Aula Maxima, An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu, seoladh an séú heagrán den iris phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú. Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo: an t-aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, teagasc teangacha, pleanáil teanga agus cúrsaí cumarsáide.  Is foilseachán bliantúil é seo, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear.  An scríbhneoir cáiliúil Ré Ó Laighléis a sheol an iris go hoifigiúil.

3 Bealtaine 2018Seoladh

Léann Teanga: An Reiviú (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge)

Seoladh Scoláireacht Mhic Dhonncha

Seoladh Aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Bronnadh an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

 Seoladh Scoláireacht Mhic Dhonncha i gcuimhne ar Joe Mac Donncha (1953-2016), céimí de chuid na hollscoile agus iar-Phríomhfheidhmeannach agus iar-Chathaoirleach de chuid Fhoras na Gaeilge, a thug sársheirbhís do phobal na Gaeilge. Is le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge a cuireadh na scoláireachtaí ar bun sa bhliain 2017. Bronnfar dhá scoláireacht i mbliana ar luach €6,015 an ceann.

Sheol Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge atá á cur ar fáil saor in aisce mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018. Tá beagnach 50,000 iontráil, 140,000 brí agus 3.5 milliún focal Béarla agus Gaeilge san fhoclóir anois – méid atá níos mó ná formhór na bhfoclóirí móra dátheangacha atá ar fáil go hidirnáisiúnta. Tá an t-ábhar seo go léir, mar aon le comhaid ghramadaí agus comhaid fuaime, le fáil san aip.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Tá sé an-tábhachtach go mbeadh ár bhfoclóirí le fáil ar na meáin agus ar na hardáin is nua-aimseartha. Tá 1.7 milliún úsáideoir sa bhliain ag tarraingt ar shuíomh focloir.ie ó gach áit ar fud an domhain, agus tá súil againn go mbeidh éileamh mór ar an aip anois agus í ar fáil saor in aisce. Leis an leagan seo is mian le Foras na Gaeilge go mbeadh an foclóir nua ina bpóca ag gach dalta scoile agus ag gach mac léinn ollscoile.”

Bronnadh teastais ar chuid de na 15 aistritheoir Béarla-Gaeilge chreidiúnaithe ar éirigh leo i scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí in 2017. Is córas láidir creidiúnaithe é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí, ina n-áirítear castacht na gcanúintí éagsúla, béarlagair nua-aimseartha agus teicniúil, agus prós agus cumarsáid oifigiúil. Cinntítear, mar sin, na caighdeáin is airde i dtionscal an aistriúcháin agus cosnaítear cáil na n-aistritheoirí cumasacha, agus tá ról lárnach ag an gcóras creidiúnaithe seo i bhforbairt leanúnach na teanga. Is é an tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a reáchtáil an scrúdú is deireanaí le haghaidh an tSéala Creidiúnaithe thar ceann Fhoras na Gaeilge.

Críoch

Nóta don eagarthóir:

An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

D’éirigh le 15 aistritheoir Béarla-Gaeilge chreidiúnaithe i scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí in 2017:

 

  1. Síle Dolan, Co. Uíbh Fhailí
  2. Colm Mac Fhionnghaile, Baile Átha Cliath
  3. Cáit Ní Bhriain, Luimneach
  4. Máire Ní Chonghaile, Co. na Mí
  5. Sionainn Ní Ghréacháin, Luimneach
  6. Isadora Ní Loingsigh, Co. na Gaillimhe
  7. Jennifer Ní Mhaoileoin, Baile Átha Cliath
  8. Clár Ní Sheachnasaigh, Gaillimh
  9. Pádraig Ó Ceallacháin, Co. Luimní
  10. Maitiú Ó Coimín, Co. na Gaillimhe
  11. Pádraig Ó Cuinneagáin, Co. an Chabháin
  12. Darán Ó Dochartaigh, Co. Aontroma
  13. Justin Ó Gliasáin, Baile Átha Cliath
  14. Eoin P. Ó Murchú, Baile Átha Cliath
  15. Elizabeth Warren, Co. na Gaillimhe

 

Tá 209 aistritheoir creidiúnaithe faoin gcóras go dtí seo agus tá liosta cuimsitheach d’aistritheoirí creidiúnaithe ar fáil ag www.forasnagaeilge.ie/seala

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie