Spotsolas – An tÁisaonad

Cúlra
D’fhás an tÁisaonad ó earnáil na Gaelscolaíochta féin. Thosaigh sé i scoil, ach ón bhliain 1998 tá sé lonnaithe i gColáiste hOllscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá sainról ag An Áisaonad freastal ar riachtanais daltaí Gaelscolaíochta, go príomha mar a bhaineann siad leis an churaclam ó thuaidh, an t-aon eagraíocht a bhfuil an sainról sin aici.

[caption id="attachment_8845" align="alignright" width="300"] Tá an lán d’acmhainní an Áisaonaid ar fáil ar líne[/caption]

Roimh a bhunú, bhí géarghá le leabhair scoile den chéad scoth. Go dtí sin ní raibh d’acmhainní ar fáil ach fótachóipeanna agus ábhair lámhdhéanta.
Anois, tá rogha an-leathan d’acmhainní ar fáil ag an Áisaonad, idir leabhair, chluichí, áiseanna ar líne agus ábhar tacaíochta a fhreastalaíonn ar riachtanais an tumoideachais i ngach cearn den tír agus ag gach leibhéal. Chomh maith leis sin, déanann an tÁisaonad taighde ar na háiseanna maidir lena bhfóirsteanacht don tumoideachas lán-Ghaeilge.

Múinteoirí
Cuireann an tÁisaonad béim ar leith ar a chaidreamh le múinteoirí. Bíonn fócasghrúpaí aige do mhúinteoirí ó aoisghrúpaí éagsúla. Bíonn ionadaithe na bhfócasghrúpaí ar an Choiste Comhairliúcháin a chuireann comhairle ar an Áisaonad. Déantar dréachtaí d’acmhainní nua a thriail sna scoileanna agus tugann múinteoirí aiseolas sula gcuirtear i gcló iad. Lena chois sin, eagraíonn an tÁisaonad ceistneoirí, comhdhálacha agus ceardlanna le tuairimí na múinteoirí a bhailiú agus le riachtanais a mheas.

[caption id="attachment_8846" align="alignleft" width="225"] Buail isteach chuig an oifig leis an réimse a fheiceáil[/caption]

Acmhainní
Thar na blianta tá a lán tionscadal nuálach forbartha ag an Áisaonad. Ina measc seo tá an Clár Luathléitheoireachta (Cleite), Mata Bunscoile Collins, 49 leabhar mhóra (cuid acu le ceol) cuid leabhar léitheoireachta do gach leibhéal, agus a lán eile nach iad. Faoi láthair, soláthraíonn an tÁisaonad seirbhís nuachta ar líne do Ghael-scoileanna ó thuaidh tríd an chóras C2K – an Seomra Nuachta. Gach lá, cuirtear alt tarraingteach idirghníomhach le chéile do dhaltaí scoile. Tá a lán gnéithe eile ann, mar shampla, Fillteáin Fíricí (ciclipéid), físeáin, puzail agus comórtais.

An Clár Luathléitheoireachta
Tá an Clár Luathléitheoireachta (CLEITE) ar cheann de na tionscadail is rathúla a bhí againn. Is clár struchtúrtha é a chuimsíonn léitheoireacht faoi threoir agus na scileanna atá de dhíth. Rinneadh é a fhorbairt i gcomhar le COGG a thacaigh fosta leis an oiliúint a cuireadh ar fáil. Tá 60 leabhar i ngach banda agus tá 3 bhanda ar fáil. Faoi láthair, tá an tÁisaonad ag forbairt clár léitheoireachta don chéad aoisghrúpa eile.
Tuilleadh eolais: http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/CLL/

[caption id="attachment_8847" align="alignright" width="300"] Cuirtear béim ar oiliúint[/caption]

Oiliúint
Is cuid lárnach d’obair an Áisaonaid go gcuireann sé oiliúint ar fáil do mhúinteoirí ar an dóigh is fear lena chuid áiseanna a úsáid. Déantar sin trí chuairteanna ar scoileanna, laethanta oiliúna in ionaid lárnacha nó trí fhíseáin a chur ar fáil ar líne.

Sonraí teagmhála
Tá gach eolas faoin Áisaonad, mar aon le hábhar tacaíochta, ar fáil ar ár suíomh gréasáin, www.aisaonad.org. Thig leat scairt a chur orainn (+44) (0)28 90243864 nó bualadh isteach chuig an oifig againn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, trasna an bhealaigh ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste.

Is féidir dul i dteagmháil le gach ball den fhoireann:

Bainisteoir: Ciarán Ó Pronntaigh ciaran@aisaonad.org
Comhairleoir Oideachais: Jacqueline de Brún jacai@aisaonad.org
Eagarthóir: Gabhán Ó Dochartaigh gabhan@aisaonad.org
Teicneoir: Colm Mac Aindreasa colm@aisaonad.org
Riarthóir: Ciarán Ó Dornáin cod@aisaonad.org

Nó tabhair cuairt ar ár leathanach facebook leis an eolas is déanaí a fháil.

[caption id="attachment_8848" align="alignleft" width="300"] Tá na céadta leabhar gleoite ar fáil ón Áisaonad[/caption]

Ordú
Tá ár bpraghasliosta ar fáil here http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/Reicneoir/Praghasliosta.pdf

Thig leat do bhille a oibriú amach anseo: http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/Reicneoir/reicneoir.html

Is féidir ordú a dhéanamh trí ghlao gutháin nó trí ríomhphost (ordu@aisaonad.org)

Cuir glao orainn am ar bith má tá ceist ar bith agat faoinár gcuid acmhainní.