Spraoi an Scéim Óige ar an Domhnach Mór

Thug Foras na Gaeilge cuairt ar Bardic Educational Arts and Media sa Torrent Complex ar an Domhnach Mór, áit ar bhain na daoine óga an-spraoi as an Ghaeilge, an damhsa agus an ceol a chuir a n-éascaitheoir ar fáil dóibh.
Gaeilge le Gluaiseacht an t-ainm atá ar an tionscadal atá maoinithe faoi Scéim na nImeachtaí Óige 2016-17, áit a mbíonn na daoine óga ag foghlaim Gaeilge in áiteanna difriúla sa tsaol bheo e.g. amuigh sna siopaí agus san amharclann.
Cé go raibh an oíche fuar feanntach, bhí na daoine óga te teolaí taobh istigh agus iad ag damhsa agus ag ceol leo agus iad ag foghlaim na dtreoracha i nGaeilge.
Maith sibh a Ghaela Thír Eoghain!

Grianghraif ón oíche:

[foogallery id="8033"]