An dara scríbhneoir Éireannach ainmnithe don tionscadal Focail Eile

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Cathal Poirtéir roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa tSlóivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2016.  Beidh Cathal lonnaithe i Maribor. Díreoidh sé ar a shaothar scríbhneoireachta, beidh sé ag coinneáil blag agus beidh sé páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an tSlóivéinis go háirithe, nuair a bheas sé ann.

Tá aithne ag éisteoirí raidió in Éirinn ar Chathal mar stairí, béaloideasóir agus fear litríochta. Leis na blianta tá sé ag léiriú agus ag láithriú clár i nGaeilge agus i mBéarla ar RTÉ Raidió 1 agus Raidió na Gaeltachta a tharraingíonn aird ar oidhreacht na Gaeilge agus ar an litríocht chomhaimseartha.

Is scríbhneoir é fosta. Sular thosaigh sé ar bhuanfhoireann RTÉ tríocha bliain ó shin bhí duais Oireachtais aige do dhráma ardáin, athchoiriú raidió déanta ar shaothar litríochta, agus bhí scripteanna teilifíse do dhaoine óga scríofa aige. Foilsíodh Tonnchrith Inntine, cnuasach filíochta leis, mar aon le saothar eile in irisí filíochta agus Gaeilge.

Lean Cathal den scríbhneoireacht agus den eagarthóireacht liteartha agus é in RTÉ agus bhí ráchairt an-mhór ar The Great Irish Famine (Thomas Davis Lectures). Bhí sé ina eagarthóir ar Gnéithe den Ghorta, Famine Echoes, Glórtha ón Ghorta; Éigse an Aeir agus Scéalta san Aer, mar aon leis na dlúthdhioscaí Blasket Island Reflections, Traditional Tales of Wonder agus The Appeals of the Midnight Court (mar chuid den dlúthdhiosca dúbáilte Cúirt an Mheáin Oíche).

Mar thoradh ar a chuid taighde ar an ngorta tugadh cuireadh dó cainteanna a thabhairt ar bhéaloideas an Drochshaoil in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Fhrainc agus san Ísiltír.

Tá sé gníomhach i saol litríochta na Gaeilge mar Chathaoirleach bunaidh ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, mar chomheagarthóir ar Iris Imram, mar chomhairleoir Gaeilge ar Books Ireland, agus mar léiritheoir neamhspleách ar ócáidí liteartha don fhéile litríochta Gaeilge Imram. I láthair na huaire tá scripteanna á scríobh aige do Ros na Rún ar TG4 agus dráma raidió do Raidió na Life.

I measc na nduaiseanna a bronnadh air tá Buaic-ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge, Gradaim Óir agus Airgid i nGradaim Náisiúnta na Meáin-Chumarsáide PPI agus Bonn Óir Alumni Bhord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá BA agus MA aige ó UCD agus foilsíodh torthaí a chuid taighde sa bhéaloideas mar Micí Sheáin Néill, Scéalaí agus Scéalta.  

Is é Cathal an dara scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal idirnáisiúnta scríbhneoireachta Focal Eile le linn an Fómhair 2016. Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha ar fud na hEorpa agus é ina aidhm atá aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.focaileile.ie agus focaileile@forasnagaeilge.ie