Pobal

01 Nol
2017
Pobal

Grúpaí le Gaeilge 2018

Tacaíonn an scéim seo le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge.

Spriocdháta: 1 Nollaig, Meánlae 

Léigh níos mó

Coinníollacha na scéime

An grúpa

  • Is coiste pobail an grúpa atá ag déanamh an iarratais. Caithfidh ainm an ghrúpa a bheith ag teacht le hainm chuntas bainc an ghrúpa. Níl eagrais reachtúla, údaráis áitiúla nó deontaithe reatha de chuid Fhoras na Gaeilge incháilithe le cur isteach ar an scéim seo. Beidh cóip de ráiteas bainc reatha an choiste ag teastáil.
  • Tá ar a laghad cúigear sa ghrúpa.
  • An Ghaeilge atá mar mheán cumarsáide ag an ngrúpa, ach is gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis seachas an Ghaeilge féin atá beartaithe ag an ngrúpa sa chlár gníomhaíochtaí.

An clár gníomhaíochtaí

  • Tá clár gníomhaíochtaí neamhbhrabúsach do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois beartaithe ag an ngrúpa.
  • Tacaíonn an clár gníomhaíochtaí le bunaidhm na scéime (féach thuas).

Tuilleadh eolais/Foirm iarratais ar líne

Léigh níos lú

Stádas: DÚNTA

08 Fea
2016
Pobal

Scéim Raidió Pobail

Tá an scéim seo dírithe ar iarratasóirí incháilithe chun sceideal lán-Ghaeilge craoltóireachta raidió a sholáthar do phobail éisteachta logánta Ghaeilge le linn tréimhse trí bliana d’Eanáir 2016 anuas go dtí Nollaig 2018.

Léigh níos mó

Tá Scéim Raidió Pobail 2016-2018 dúnta.

 

Léigh níos lú

Stádas: DÚNTA

08 Fea
2016
Pobal

Scéim Pobal Gaeilge

Aidhm: Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail ar Scéim Pobal Gaeilge. Tríd an scéim seo maoineoidh Foras na Gaeilge gréasán d’oifigigh forbartha Gaeilge phobalbhunaithe a fhostófar faoi stiúir coistí Gaeilge logánta ar feadh ceithre bliana ó Iúil 2016. Beidh feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag na hoifigigh sin, mar aon le feidhmeanna a bhaineann le forais eile a fhorbairt ina mbeadh an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn ar leas an phobail sin.

Léigh níos mó

Tá Scéim Pobal Gaeilge 2016 - 2020 dúnta. 

Tuilleadh eolais:

Seol ríomhphost chuig spg@forasnagaeilge.ie

Tuilleadh eolais sna cáipéisí thíos:

Scéim Pobal Gaeilge Treoirlínte

Treoirlínte - Iarratais leictreonacha

Scéim Pobal Gaeilge Foirm Iarratais

Léigh níos lú

Stádas: Dúnta

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.